Tá cuntas ar an scríbhneoir seo ag Risteárd Ó Glaisne in Niall Brunicardi, 1997 (bhí nia le Pádraig pósta ar iníon le Brunicardi) agus tá cuntas iarbháis ag Brunicardi in Agus, Eanáir 1996. Tá eolas aige air féin in An Dá Shaol . . ., 1983. I Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, a rugadh é. B’as paróiste Chill Uird dá athair Patrick Breen agus dá mháthair, Mary Ellen Condon (cé gur Ó Naíonáin is sloinne di in An Dá Shaol). Deir Ó Glaisne go raibh dúchas na Gaeilge ann ón dá thaobh. D’fhreastail sé féin agus a dheartháireacha ar scoil i Sráid Bhríde (Sráid na Beairice Thiar tráth) i Mainistir Fhear Maí. Sa bhaile sin a chaith sé a shaol agus bhí sé gníomhach i saol cultúrtha na háite, é ina uachtarán ar an gCumann Staire agus é ag scríobh alt Gaeilge ina seachtanán Avondhu. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus é an-óg agus ar feadh a shaoil bhí sé gnóthach in obair na teanga. Bhí sé ag obair i siopa sa bhaile ar dtús. Ina dhiaidh sin bhí sé ag múineadh sa Ghairmscoil i mBaile Mhistéala. Chuidigh Liam De Noraidh leis chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge: ‘Bhí doicheall ar chuid de na daoine roimh cheartúcháin Liam ar a gcuid Gaeilge ach is amhlaidh a bhíodh Pádraig buíoch de. Déarfadh sé gur mhór a d’fhoghlaim sé uaidh’ (Ó Glaisne). Sna 1970idí chuidigh sé le Niall Brunicardi chun Éigse na Mainistreach, comhlacht foilsitheoireachta, a bhúnú; Liam de Noraidh, Cill Uird, 1980, in eagar ag Pádraig, a gcéad leabhar. D’fhoilsigh siad An Dá Shaol: Mainistir Fhear Maí, 1983 le Pádraig. Bhain fadhbanna leis an gCaighdeán Oifigiúil ann agus nuair a foilsíodh an dara leabhar leis, Micheál Ó Coileáin, 1985, deirtear gur ghearr Bord na Leabhar Gaeilge siar go mór ar an deontas. Bhíodh corr-léirmheas aige in Comhar agus ailt aige in Inniu agus Agus. B’as na Mainistir Fhear Maí dá bhean Maidí Devine. Ní raibh sliocht orthu. D’éag sé ar 6 Nollaig 1995.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú