STANDÚN, Máirtín (1918-1994) Máirtín STANDÚN 1918 1994 Learpholl, Sasana M Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas óna bhéal féin in The I.R.A.; The Twilight Years 1923-1948, 1977 le Uinsionn Mac Eoin; tá cuntas iarbháis in Connacht Tribune. I Learpholl a rugadh é ar 9 Aibreán 1918. B’as Caisleán an Bharraigh dá athair Seosamh, siúinéir, agus ba í Ellen McCannon as Sligeach a mháthair. D’éag an t-athair nuair a bhí Máirtín faoi bhun dhá bhliain d’aois agus b’éigean dá mháthair dul amach ag obair. Thosaigh Máirtín féin ag tuilleamh scilling sa tseachtain le fear bainne nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois. Deir sé: ‘My mother could make us three meals from that.’ Nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois bhí sé ag tuilleamh trí scilling agus réal ar nuachtáin a sheachadadh go luath ar maidin agus um thráthnóna. Bhí post eile aige ag tabhairt earraí grósaera chuig tithe. Nuair a d’fhág sé scoil fuair sé post i siopa grósaera. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge nuair a bhí sé ocht mbliana déag d’aois. Bhí sé ina bhall den IRA ach bhí in aghaidh an fheachtais buamála.

D’fhág sé Learpholl i 1939 le dul go Baile Átha Cliath sular díbríodh a lán de na hÉireannaigh agus bhí a mháthair agus a dheirfiúracha in éineacht leis. Thug an IRA post dó sa Bhiúró Poiblíochta ag 17 Plás Percy agus is ann a bhí cónaí air; scaiptí 20,000 cóip sa tseachtain de War News. Bhí a mháthair agus na deirfiúracha ina gcónaí i seomra tionóntáin i Sráid Sheoirse Thuaidh agus is dóigh go raibh a fhios ag na húdaráis go mbíodh air cuairt a thabhairt orthu. Gabhadh é i 1940 agus cuireadh é go campa coinneála an Churraigh. Le linn dó a bheith sa Churrach thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i mbunrang Sheáin Óig Uí Thuama[B2] ach is ó Mháirtín Ó Cadhain[B4] is mó a d’fhoghlaim sé an teanga. Chuir easaontas sa champa isteach ar an bhfoghlaim: ‘We had started the all-Irish speaking huts and we had a range of classes in academic and language subjects. It disrupted those and created hardship. I think it was very stupid: the lads were down to serious study and it caused them untold harm.’ Is amhlaidh a labhair Máirtín le fear ón taobh eile i mbothán na Gaeilge agus cuireadh iachall air aistriú go bothán eile. Dúirt sé le Uinseann Mac Eoin: ‘I was not for one side or the other; my sole interest was in the Irish language; but as a result I was to lose an entire year without Máirtín Ó Cadhain, as he remained on the Leddy side. I had worked my way through Standish O’Grady’s Silva Gadelica with him. If I could have spent that additional twelve months, I would have derived great benefit from it; but I was expelled and that was that. However, when Máirtín came out later I am glad to say we were still as great as we ever were.’ I litreacha ón gCurrach tagraíonn an Cadhnach dá fheabhas a bhí sé mar mhac léinn: ‘Sé is fearr acu ar fad ainneoin nach raibh fuaim Éireannach ina phloic ní áirím tada eile ar a theacht isteach dó!’ (28 Meán Fómhair 1941), agus arís 5 Feabhra 1942 nuair a bhí sé ag iarraidh ar Thomás Bairéad[B2] scata leabhar ó pheann Mhichíl Mhic Ruaidhrí[B1] a chur chuige: ‘Tá lad anseo agus ba mhaith leis fios a chur orthu. Tá chuile shórt eile ar fónamh léite agus tiomsaithe aige. Mhol mé dó iad a fháil ar mhaithe le glaine Gaeilge . . .. Tá do chuidse leabhar léite aige agus na leaganacha cainte ar fad ar bharr a ghoib aige. Cheartaigh sé aiste an Athair Fheidhlim [Ó Briain, q.v.] in Éire dhom’ (As an nGéibheann, 1973 in eagar ag Bairéad).

Faoi 1941 bhí a bheirt deirfiúracha i ngéibheann i bPríosún Mountjoy agus gan de chúis ina n-aghaidh ach gur dheirfiúracha leis iad. Nuair a scaoileadh amach as an gcampa é chuaigh sé chun cónaithe in árasán i Ráth Maonais lena mháthair a bhí ag fáil bháis den ailse ag an am. Fuair sé post ar bheagán pá i siopa grósaera. De réir a chéile bhí cúrsaí ag dul i bhfeabhas. Phós sé Máire Ní Mhaoil Bhríde as an Muileann gCearr (d’éag sí ar 9 Eanáir 1995); bhí tamall caite i ngéibheann aici féin, ag a deirfiúr agus ag a beirt deartháireacha. Chonaic sí go raibh siopa le díol sa Spidéal agus i mBealtaine 1946 bhí an t-úinéir sásta cairde dhá bhliain a thabhairt dóibh. Siopa ginearálta a bhí acu ar dtús ach tar éis tamaill dhírigh Máirtín ar earraí de dhéantús an cheantair a chur ar fáíl. Ba ghairid gur phointe suntasach i gConamara an siopa. Chuir Máirtín béim i gcónaí ar an nGaeilge, ina shaol pearsanta agus i measc fhoireann an tsiopa. Agus bhí le maíomh aige go raibh Gaeilge Chois Fharraige aige sular leag sé cos sa Spidéal. Bhí iníon agus triúr mac aige. D’éag sé ar 15 Deireadh Fómhair 1994. Chum an file Seosamh Ó Neachtain an dán ‘Standún’ agus léigh cois na huaighe é. Tá sé curtha i reilig an Chnoic.