MELBERG, Håkon (1911-1990) Håkon MELBERG 1911 1990 Halden, an Iorua M Latinskole, Halden, An Iorua Ollscoil Osló scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I nóta beathaisnéise faoin scoláire Ioruach seo ar an idirlíon deir Ivar J. Fylling gur óna bhean a fuair seisean an t-eolas pearsanta ina thaobh agus tuairimíonn gurb é an fáth nár scríobhadh aon chuntas beathaisnéise sna hirisí léannta nár ghnóthaigh Melberg céim ollscoile riamh. Tá cuntas ag Úna Breatnach in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 4, 2000 ar na tréimhsí a chaith sé sa Sean-Phobal sa Rinn, Co. Phort Láirge, agus in áiteanna eile in Éirinn, idir 1933 agus 1957 agus ar a taithí féin air; tugann sí sleachta as tuairiscí in Scéala Éireann 16 Nollaig 1935, Inniu 21 Meán Fómhair 1956 agus Amárach, Lúnasa 1957. In An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 11, 2007 tá ‘Teangeolaí Ioruach ar thóir na Gaeilge: Hakon Melberg agus Gaeilge na nDéise’ le Angun Sonnesyn agus Stiofán Ó Cadhla.

In Halden san Iorua a rugadh é ar 1 Eanáir 1911. Anuas go 1930 bhí sé ina mhac léinn in Latinskole Halden. Chaith sé a sé nó a seacht de bhlianta in Ollscoil Osló. Ar an teangeolaíocht a bhí staidéar á déanamh aige. Deir Fylling: ‘He knew 42 languages and could communicate in another 20.’ I dtuairisc mholtach dúirt Carl Marstrander[B4]: ‘He is one of the most promising young linguists we have had at the university during the last 30 years. All who have learned to know him deeply regret that he is leaving the university’ (le Fylling an t-aistriú ón Ioruais). I 1932 bronnadh bonn óir air as a thráchtas ar an Laidin agus na teangacha Indo-Eorpacha. Fuair sé scoláireacht chun staidéar a dhéanamh ar an mBéarla i Londain. Ansin fuair sé deontas chun staidéar a dhéanamh ar na teangacha Ceilteacha agus chaith sé tréimhsí fada in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus sa Bhriotáin. Bhronn an Tiarna Glentanar agus Iarla Bute na linne sin suim airgid air chun cuidiú lena staidéar ach thug sé d’Ollscoil Osló é le caitheamh ar Roinn na Ceiltise san ollscoil sin. Úrscéal a scríobh sé is ea Solen gar aldri ned, 1938.

I rith an chogaidh bhí sé ar cheannairí XU-Pan, eagraíocht spiaireachta a bhailíodh eolas faoin nGearmáin agus a chuireadh go Londain é. I gcomhar le T. Brynildsen scríobh sé cuntas ar an obair sin, Dobbeltspill—Nazilensmannen som lurte tyskerne, 1988. Is é a mhórshaothar The origin of the Scandinavian nations and languages, 1953. Lean sé den staidéar ar na teangacha Ceilteacha. ‘The rest of his active life he spent on work with and for children in Halden. From 1945 he and his wife ran an activity center for children’ (Fylling). Is do pháistí a chum sé an ceoldráma Nattmannens barn, a stáitsíodh a chéad uair i 1960. Tugann Breatnach tuairisc ar a bhanchéile, Anne-Kari, agus a dtriúr leanaí. D’éag sé ar 4 Samhain 1990 agus tá sé curtha in Berg, Halden.