MAC GIOLLA IASACHTA, Éamonn (1887–1986) Éamonn MAC GIOLLA IASACHTA Cú Mhall Edward MacLysaght Jim Hogan 1887 1986 Flax-Bourton, Somerset, Sasana M Ollscoil Oxford staraí polaiteoir úrscéalaí file ginealeolaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Pearsa mhór é i saol léinn agus cultúir an 20ú haois. Is mar seo a shuimigh Charles Lysaght raon a bheatha: ‘Thus ended his long, varied and productive life: farmer, nurseryman, poet, novelist, journalist, historian and genealogist, one of the most pleasant and fairminded men one could ever hope to meet, a hard worker, a sincere friend, a true idealist and above all, as I think he would most like to be remembered, a pure-souled Irish patriot.’ B’fhéidir a chur leis sin gur pholaiteoir, gur dhuine de mhuintir na hathbheochana, agus gur chomharchumannach é. Leabhar dírbheathaisnéisiúil, a bhfuil sleachta go leor as a dhialann inti, is ea Changing Times: Ireland since 1898 as seen by Edward MacLysaght, 1978 agus is sleachta Gaeilge as a chín lae atá in Leathanaigh ó mo dhialann, 1978. I lár Mheitheamh 2003 foilsíodh Éamonn Mac Giolla Iasachta 1887-1986: beathaisnéis le Seán Ó Ceallaigh. Tá cuntas air in: The Irish Genealogist, Iml. 7, 1986-1989 ag E.J. McAuliffe; Irish Times 5 Márta 1986; suíomh idirlín Leabharlann Chontae An Chláir. Léacht a thug Charles Lysaght is ea Edward MacLysaght 1887-1986, 1988; i gcló ann mar aguisín tá leabharliosta le Etienne Rynne (i gcló freisin in North Munster Antiquarian Journal XVII, 1975 (‘Féilsgríbheann Éamonn Mhic Giolla Iasachta’).

Theastaigh go dóite riamh uaidh gur mar Éireannach agus mar Chláiríneach a chuirfí síos air agus sin é an chúis go gcumadh sé eolas i dtaobh a óige. Deir sé sa dírbheathaisnéis, mar shampla, gur ar muir a rugadh é ach níl aon amhras ach gurbh in Flax-Bourton, Nailsea, Somerset, Sasana, 6 Samhain 1887 a rugadh é. Francis Ysodor Edgeworth a athair baistí agus sin an fáth arb Edgeworth ceann dá ainmneacha. Deir Charles Lysaght gurbh i ndiaidh Edward Lysaght[B6] a tugadh Edward air. Ba iad Sidney Royse Lysaght agus Katherine Clarke a thuismitheoirí. San iontráil a thug sé in Who’s Who,What’s What and Where in Ireland, 1973 is iad ‘Edward Anthony’ a ainmneacha agus deir sé gurbh amhlaidh a baisteadh é i gContae an Chláir 6 Samhain na bliana 1889 agus gur ‘Séadna McLysaght’ ab ainm dá athair. Protastúnach a athair Sidney agus b’as an gceantar idir Mala agus Dún ar Aill dó; bhí gnó cruach aige i mBriostó ach úrscéalaí aitheanta ba ea é agus bhí meas air mar fhile. Scríobh Éamonn a bheathaisnéis, S.R. Lysaght. The Author and the Man, 1974. B’as Lincolnshire do Katherine Clarke ach mhaíodh Éamonn gurbh as Laois dá sinsir i bhfad siar. Luann Éamonn deartháir amháin, Pat.

Níl amhras ach gur mar oidhreacht ón athair a fuair sé an grá a bhí aige riamh ar Éirinn. Ach is oiliúint Shasanach amach is amach a tugadh dó: scoil ullmhúcháin in Nash House gar do Bhriostó, ansin an scoil cháiliúil Rugby, mar a raibh Rupert Brooke ar dhuine dá lucht aitheantais, agus i ndeireadh báire cúpla bliain i gColáiste Corpus Christi, Oxford. Ní mór a rá gurb ag cur le náisiúnachas an Éireannaigh a bhí oideachas dá leithéid. Is fíor freisin go gcaitheadh an teaghlach laethanta saoire i gContae an Chláir ó 1899 amach. B’fhéidir gur bhain míshonas lena óige; deir Charles Lysaght: ‘Often have I wondered whether the loss of an eye as an infant or his parents’ long absences abroad may have created some unhappiness which blighted his early years and caused him to want to erase them from his memory’.

D’fhág sé Oxford um Márta 1908: ‘I did no good there and left the place abruptly in a disreputable atmosphere of whiskey and horses’ (Changing Times). Faoin ainm ‘Jim Hogan’ chuaigh sé ag obair mar phrintíseach ar fheirm in Tunley, Somersetshire, gan fhios dá mhuintir a bhí san Astráil ag an am. Bhain sé ardtaitneamh as trí shamhradh timpeall 1907 a chaith sé i gContae an Chláir, é ag cur faoi i sean-otharcharr sna dumhcha idir Lios Ceannúir agus an Leacht; tuairim 1908 a thosaigh sé ag foghlaim beagán Gaeilge ó chainteoirí dúchais sa cheantar sin. I 1909 cheannaigh a athair feirm mhór 600 acra sna Ráithíní in aice le Tuaim Gréine i gContae an Chláir; níor shíl Coimisiún na Talún gur thalamh é a bhí oiriúnach le roinnt ar thalmhaithe. B’as an taobh sin den Chlár do mhuintir Lysaght i bhfad siar agus is nuair a d’aistrigh siad go Co. Chorcaí a d’iompaigh siad ina bProtastúnaigh; cá bhfios nach raibh baint ag iompú Éamoinn ina Chaitliceach san eaglais i dTuaim Gréine leis an gcúlra sin? Ba é a bheadh i mbun ghnó na feirme sna Ráithíní ó 1909 amach. B’fhéidir a rá gur cuntas ar a shaol mar fheirmeoir is ea an t-úrscéal The Gael, 1919. Feasta is Cláiríneach a bheadh ann agus bheadh blas an Chláir ar a Bhéarla, fiú.

Shíl sé go mba chur i gcéill a scríobh ar fhoirm Dhaonáireamh 1911 go raibh beagán Gaeilge aige. Ó Liam Ó Muiríosa, Gaeilgeoir ó na Déise, a bhí sé ag foghlaim na teanga ar dtús. Deir Ó Ceallaigh: ‘B’é Liam a réitigh an bealach dó i ngnó na feirme tar éis an áit a cheannach, agus mheall sé muintir na háite chun dul i mbun oibre sa bhfeirm a bhí ligthe chun fiántais ar feadh na mblianta roimhe sin.’ Faoi 1912 bhí an Fáinne gnóite aige. Bheartaigh sé Gaeilge a chur á labhairt i measc an daichid a bhí fostaithe aige. Chinn sé ar nua-Ghaeltacht a bhunú sna Ráithíní agus d’earcaigh sé Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht chun a bheith ag obair sa chomhlacht a bhí bunaithe aige, Raheen Rural Industries. Bhí Pádraig Ó Cadhla[B2] agus Conor Clune[B5] ag cuidiú leis sa bhfiontar seo. Ceapadh Bríd Ní Réagáin (1900-1986) ón Rinn mar bhuime dá leanaí agus bhí a deartháir Donnchadh ag obair sna Ráithíní freisin. Faoin teideal ‘Theip orainn sa deireadh’ tá athchló in Leathanaigh ó mo Dhialann ar alt in Pobal 20 Márta 1969 i dtaobh na hoibre. Is í an abairt deiridh ann: ‘Níl aon dabht ach go leanfaimís den obair tar éis an chogaidh ach—ní síocháin a lean an cogadh: an “Civil War” a laghdaigh spiorad na ndaoine agus a thug buille marfach do athbheochaint na teanga, is trua liom a rá.’ Ach má chuaigh trá ar an dóchas d’fhan sé dílis don bharrshamhail. Mar shampla beag, is toisc nach raibh Gaeilge ag Erskine Childers nach dtabharfadh sé a vóta dó i dtoghchán uachtaránachta 1973 (Changing Times).

Casadh Mabel Pattison air i dteach banaltrais i mBaile Átha Cliath, mar a raibh sí ina mátrún, nuair ab éigean dó tamall a chaitheamh ann. Bhí a mhuintir i gcoinne an chleamhnais ach phós siad Meán Fómhair 1913. Rugadh mac agus iníon dóibh. D’infheistigh a athair airgead i gcomhlacht foilsitheoireachta Maunsels i 1916 agus bhí Éamonn ina stiúrthóir air. Cheannaigh sé siopa i Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath, chun toradh na feirme sa Ráithíní a dhíol agus rinne siopa leabhar (The Irish Book Shop/Siopa na Leabhar nGaedhealach) dá leath. Bhí sé ina bhall den Choinbhinsin Éireannach (25 Iúil 1917-5 Aibreán 1918), iarracht ar theacht ar réiteach idir na páirtithe; ní raibh Sinn Féin sásta a bheith rannpháirteach agus ainmníodh Éamonn mar dhuine a raibh bá aige leo. D’éirigh sé as ballraíocht de chomhairle Shinn Féin in Eanáir 1918. Cheap an Chéad Dáil é ina bhall den Choimisiún um Acmhainní Tionsclaíocha. Ní raibh aon pháirt aige i gCogadh na Saoirse ach bhí ag an gcuid is mó dá fhostaithe sa Ráithín. Rinne fórsaí na Breataine breis is fiche ruaig ar an áit.

Rinne sé a dhícheall aird an domhain a tharraingt ar dhúnmharú Conor Clune 22 Samhain 1920 agus chuaigh go Londain le labhairt ina thaobh le ceannairí polaitiúla. Nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath gabhadh é. Saoradh é ach tugadh le tuiscint dó gur bhaol dó feasta; chuir sé a chlann go dtí an Fhrainc agus tar éis tamaill bhí air féin dul ann. Bhí sé i bhfabhar an Chonartha Angla-Éireannaigh agus ceapadh é ina bhall den chéad Seanad. ‘He was perhaps too individualistic and certainly too lacking in cunning for politics. He acted as a watchdog for the Irish language and usually spoke in Irish—at the first meeting he had refused to take the oath until it was translated into Irish’ (Charles Lysaght). Bhí sé ina bhall den choimisiún a scrúdaigh ceist na mbóithre iarainn i 1922 agus ba é a d’aistrigh a dtuarascáil go Gaeilge. Níor atoghadh i 1925 é. Bhunaigh sé An Sguab (1922-26). Ba é a bhí ina eagarthóir agus ina bhainisteoir. D’fhoilsigh sé ailt le scríbhneoirí aitheanta mar Thomás de Bhial[B3], Pádraig Ó Cadhla, Leon Ó Broin[q.v.], Micheál Ó Gríobhtha[B1] . . . agus is ann a thosaigh Micheál Mac Liammóir[B4] ag scríobh i nGaeilge. Is faoin ainm ‘Cú Mhall’ a foilsíodh cuid dá ailt féin ann. I mBealtaine 1924 d’fhógair sé go raibh sé chun éirí as obair na hirise; bhí an iomarca eile idir lámha aige. ‘Ní bhfuaireas féin pingin rua de bharr mo shaothair as. Ba chuma liom é sin chomh fada is do dhíol sé as féin, leath is muigh de sin. Agus do dhíol go dtí an mí dheireannach’ (i gcló ag Ó Ceallaigh). I 1921 bhí tosaithe aige ar an tráchtas ‘Short study of a Transplanted Family in the Seventeenth Century’ (cuid de stair mhuintir Mhic Giolla Iasachta) a ullmhú i gcomhair céim MA i gColáiste Ollscoile Chorcaí; foilsíodh é i 1935. Ghnóthaigh sé DLitt lena shaothar ar an saol in Éirinn sa 17ú haois (is air atá Irish Life in the 17th Century, 1939 bunaithe). B’fhéidir gurbh é an t-aon duine riamh é a bhí ina bhall de bhoird rialaithe na gcoláistí ollscoile i nGaillimh agus i gCorcaigh go comhuaineach.

I 1927 foilsíodh an leabhar Gaeilge is suaithinsí dá chuid, an t-úrscéal Cúrsaí Thomáis: shíos seal a’s shuas seal. Deir Alan Titley faoi (An tÚrscéal Gaeilge, 1991): ‘Mar le scríbhneoir nár chainteoir ó dhúchas é murab ionann agus formhór na n-úrscéalaithe Gaeilge go dtí sin, thaispeáin sé go bhféadfadh sé stíl nadúrtha éasca a láimhseáil a bhí prósúil gan a bheith leamh is a bhí díreach gan a bheith lom. Ní miste é a áireamh fós mar úrscéal a bhfuil beatha ann agus ar éirigh leis smut maith den saol mar a bhí san am a shealbhú…’. Deir an t-údar céanna gurb úrscéal láidir fiúntach é Toil Dé, 1936. Cuireadh Cúrsaí Thomáis amach arís i 1969 agus 1973 agus d’aistrigh E. O’Clery é faoin teideal The Small Fields of Carrig, 1929.

Theip ar an bpósadh le Mabel agus chuaigh sise agus an bheirt leanaí, Fergus agus Máire, chun cónaithe le tuismitheoirí Éamoinn in aice le Dún ar Aill. Theip ar an bhfiontar sna Ráithíní agus bhí fiacha air. Ba é a athair a lig amach leath na feirme ansin do Roinn na Foraoiseachta. Chuaigh sé le Mary Frances Cunneen chun na hAfraice Theas i 1936; fuair sé colscaradh ansiúd agus phós Mary Frances in oifig chláraithe (Ó Ceallaigh). Ag cuimhneamh dúinn ar chúinsí na 1930idí in Éirinn, ní léir cén chaoi ar éirigh leis cor chomh fíor-neamhghnách sin a ionramháil; rugadh triúr dóibh, William, Patrick (a bádh i Loch Deirgeirt 1956) agus Brian. Bhí Éamonn ag gabháil den iriseoireacht ann, é ag scríobh don Rand Daily Mail agus páipéir eile; bhí cúpla cuairt tugtha aige roimhe seo ar an tír agus i 1928 bhí suirbhé déanta aige ar an trádáil idir é agus Éire. Ach de dheasca na cinedheighilte agus na biogóideachta ansiúd d’fhill sé i 1938; ach bhí ábhar leabhair aige de bharr an turais, An Aifric Theas, 1947. Bhí sé ina bhall de Bhord Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) 1943-76. Bhí sé ina chigire ag Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann 1939-42; bhailigh sé litreacha, doiciméidí agus lámhscríbhinní i ngach ceantar den tír, obair a shaibhrigh go mór bailiúchán na Leabharlainne Náisiúnta. Ina dhiaidh sin bhí sé ar fhoireann na leabharlainne sin mar Phríomh-Oifigeach Ginealaigh (Príomh-Aralt). Bhí sé ina Choimeádaí ar Lámhscríbhinní 1949-54. Bhí beagán níos lú ná 900 díobh ann nuair a thosaigh sé agus bhí 9,000 nuair a d’éirigh sé as an bpost agus b’fhéidir gurb é an bailiúchán sin an chomaoin is mó a chuir sé ar Éirinn; tá alt aige ina thaobh (‘Roinn na Lámhscríbhinn sa Leabharlainn Náisiúnta’) in Galvia 1, 1954. Bhí sé ina bhall de Choimisiún Béaloideasa Éireann. Bhí sé ina bhall den choiste a d’fhéach sna 1940idí le leacht a thógáil san Fhiacail in ómós do Bhrian Merriman.

Leabhair eile leis is ea: Irish Eclogues, 1915 (tá roinnt Gaeilge in aguisín ann); Sir Horace Plunkett and His Place in the Irish Nation, 1916; Poems, 1928;Irish Life in the Seventeenth Century, 1939 (eagrán méadaithe 1950); East Clare 1916-1921, 1954. Forth the Banners Go, reminiscences of William O’Brien as told to Edward MacLysaght, 1969. Chuir sé eagar ar Calendar of the Orrery Papers, 1941 agus The Kenmare Manuscripts, 1942. Saothar a chuir a ainm i mbéal phobal na hÉireann is ea: Irish Families, Their Names, Arms and Origin, 1957; More Irish Families, 1960; Supplement to Irish Families, 1964; Guide to Irish Surnames, 1964; Bibliography of Irish Family History, 1981. Bhí aistí aige in Analecta Hibernica, Galvia, Studies, North Munster Antiquarian Journal . . . . Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh L.L.D. air. D’éag sé 4 Márta 1986 agus tá sé curtha i dTuaim Gréine, Co. an Chláir.