Sagart paróiste Ghleann Cholm Cille. In Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000 deir Pádraig Ó Baoighill faoin sagart seo: ‘I leabhar taistil mar seo ní féidir a cheart a dhéanamh don obair a rinne sé le saol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an cheantair a fheabhsú . . . ach bhí daoine a mhaígh gur spréigh sé Béarla san áit.’ Tá eolas ina thaobh in: Who’s Who, What and Where in Ireland, 1973; Modern Irish Lives . . ., 1996 in eagar ag Louis McRedmond; A Dictionary of Irish Biography, 3ú heagrán, 1998 le Henry Boylan. Dírbheathaisnéis is ea Father McDyer of Glencolumbkille, 1982 agus roimhe sin scríobh sé The Glencolumbkille Story, 1962. I gCill Riáin i bparóiste Inis Caoil, Dún na nGall, a rugadh é 14 Meán Fómhair 1911. Ba é an seachtú leanbh é ag John McDyer agus Brigid Harkin. Bhí sé ar scoil i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn. Oirníodh é i Maigh Nuad 1937 agus chaith sé blianta an chogaidh i Londain agus in Brighton, é ag friotháilt ar imircigh as Éirinn i rith Chogadh 1939-45. Rinne cúráideach i dToraigh de sular aistríodh é i gceann cúpla bliain go Gleann Cholm Cille i 1951. Ceapadh ina shagart paróiste ansiúd é 6 Márta 1971. I measc na n-éachtaí a d’éirigh leis a dhéanamh tá: halla pobail, músaem, sráidbhaile de thithe saoire, páirc imeartha, monarcha próiseála éisc, comharchumainn, leictreachas agus córas uisce sula raibh a leithéidí ag ceantair tuaithe i gcoitinne san iarthar. . . . ‘Ba tograí tábhachtacha iad seo a chuir croí agus anam i bpobal a bhí ag meath go tapaidh. Chuir an troid seo ar son pobal tuaithe a ainm ar fud an domhain agus d’obair an sagart óg seo ó dhubh go dubh lena chuspóirí a chur i gcrích’ (Ó Baoighill). D’éag sé 25 Samhain 1987.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú