MAC DIARMADA, Dónal [‘File Ghaoth Bearra’] (1889-1995) Dónal MAC DIARMADA File Ghaoth Bearra 1889 1995 Baile na Finne, Co. Dhún na nGall M Scoil Náisiúnta Dhoire na nGrial, Co. Dhún na nGall fear an phoist cumadóir file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntais ar an bhfile pobail seo ag Pádraig Ó Baoighill in Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000 agus in Óglach na Rosann: Niall Pluincéad Ó Baoighill, 1994. Tá cuntas iarbháis in Donegal Democrat 26 Eanáir 1995. I gceantar Bhaile na Finne, Co. Dhún na nGall, a rugadh é. Fuair sé oideachas i Scoil Náisiúnta Dhoire na nGrial ón máistir Conchúir Ó Baoill, poblachtach láidir. Bhí sé ag obair mar fhear poist ó 1906 anuas go dtí 1964. D’éirigh sé as nuair a bhí sé 75 bliain d’aois. Is faide a bhí sé ina fhear poist ná aon duine eile in Éirinn. Ar feadh na mblianta fada is de chois a dhéanadh sé an obair go dtí go bhfuair sé rothar sa deireadh. ‘Ba ag síorchoisíocht a bhí Dónal ar tús ón Choimín síos bealach Mhín an Lábáin go Loch Beara; ó sin ar ais go Doire na nGrial, Doire na nAspal,Doire Sheanaigh, Doire na Coradh agus Abhainn na Marbh, turas chúig mhíle dhéag.’ Deirtear nár chaill sé lá oibre riamh ina shaol. I measc na n-amhrán a chum sé tá ‘Gaoth Bearra na gCoillte, Gaoth Bearra na dTonn’; ‘Mac an Deoraí’; ‘An Gleanntán inar tógadh mé’; ‘Banríon Árainn Mhóir’; ‘Fionn Shléibthe Dhún na nGall’ agus ‘An Charraig Úna’, amhrán faoi iascairí a bádh. Chum sé amhrán i mBéarla faoi Niall Pluincéad Ó Baoighill, an poblachtach a maraíodh sa Chogadh Cathartha i 1923. I ndeireadh a shaoil bhí cónaí air lena iníon Neilí sa Choimín, An Dúchoraidh. Luaitear ceathrar mac sa chuntas iarbháis. D’éag sé ar 24 Eanáir 1995.