HENCHY, Paddy (1913-2001) Paddy HENCHY 1913 2001 Cora Finne, Co. an Chláir M Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leabharlannaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, stiúrthóir Leabharlann Chester Beatty agus duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman. I gCora Finne, Co. an Chláir, a rugadh é ar 5 Bealtaine 1913. Ba iad Patrick Henchy agus Margaret O’Grady a thuismitheoirí. Fuair sé BA le honóracha den chéad scoth sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh air i 1971. Phós sé Monica Leahy i 1952 agus bhí triúr iníonacha acu. D’éag sé 6 Bealtaine 2001 agus bhí cuntas iarbháis in Irish Times 12 Bealtaine. Deartháir leis is ea an Breitheamh Séamus Ó hInnse, fear a bhfuil tamall caite aige mar scoláire Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »