MAC GARBHAIGH, Cathal (1866–1927) Cathal MAC GARBHAIGH 1866 1927 Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall M bainisteoir drámadóir léiritheoir drámaí siopadóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In The Hard Life le Flann O’Brien, deir Mr Collopy an méid seo leis an mBráthair Gaskett: “... Damn the thing he knows but low songs from pantomimes, come-all-ye’s by Cathal McGarvey, and his prayers”. Léiriú é ar an gcáil a bhí ar Chathal lena linn féin.

I Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 3 Meitheamh 1866. Bhí siopa grosaera agus teach báicéireachta ann ag a athair Samuel. Ba í Catherine Doherty ó cheantar Leitir Ceanainn a mháthair. Is beag atá ar eolas i dtaobh bhlianta tosaigh a shaoil. Phós sé Catherine Lough (Cáit de Loch) ó Bhéal Feirste go luath sna 1890idí agus rugadh ceathrar mac dóibh: SammySomhairle a bhí i Scoil Éanna agus a bhuaigh an chéad duais don amhránaíocht ar an sean-nós ag Feis Laighean i 1902, Cathal óg a bhuaigh bonn óir ag an bhFeis Cheoil, Colm a bhfuil fógra a bhreithe i nGaeilge in An Claidheamh Soluis ar 9 Márta 1901, agus Jack. Ag 27 Bóthar Whitworth, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu.

Ag deireadh an chéid bhí post ag Cathal i gcomhlacht J. G. Mooney, é ina bhainisteoir acu ina stór banna i Rae Gardnar. Tá tagairt in An Claidheamh Soluis go raibh sé i láthair thar ceann na hArd-Chraoibhe ag bunú Chraobh Chaoimhín ar 25 Feabhra 1900. Bhí sé ar an mbeagán a dúirt amhráin Ghaeilge an oíche sin. Bhí sé i láthair freisin nuair a bunaíodh craobh nua i nDroim Conrach ar 8 Márta agus arís dúirt sé amhrán i nGaeilge.

Ach ba é an siopa cáiliúil tobac ag 1b Sráid Fheardorcha Thuaidh is mó a tharraing cáil air i measc Gaeilgeoirí agus lucht litríochta (go háirithe James Joyce in Stephen hero agus Oliver St John Gogarty in Tumbling in the hay). Shíl a mhac Cathal (a rugadh in 1896 agus a bhí fós ina bheatha i Newcastle-on-Tyne um Nollaig 1988) gur le cabhair Chonradh na Gaeilge a bhí an siopa ar cíos aige, nárbh acmhainn dó féin é.

In An Claidheamh Soluis 31 Márta 1900 atá an chéad fhógra ina thaobh. Níos deireanaí an bhliain chéanna sin bhí cásanna le haghaidh tobac ar díol aige agus véarsa Gaeilge orthu (“Píopa is tobac buan,/ Is fir stuama á stolladh,/ Os im’ bhéal do chuaidh/ Is dom is dual a mholadh”). Ar 12 Bealtaine 1900, cuireadh an fhoireann iomána “Na Gaeilgeoirí” ar bun ann; Pádraig Archer agus Torna an bheirt ba mhó ba chúis leis. Bhíodh cruinnithe Chumann na bPíobairí ar siúl ann freisin, Rowsome agus Pádraig Mac an Fhailghe ag teagasc ceoil agus Archer ag teagasc rince. Bunaíodh cór Gaelach ann ar 12 Lúnasa 1900. Tosaíodh ar “Stad na nGaeilgeoirí” a thabhairt ar an teach uair éigin i 1901. Go nuige sin thugtaí “Teach an Tobacadóra” air.

Is é an cur síos a rinne Cathal óg ar an siopa: “Beautifully decorated in colour, and in Gaelic scroll and looking like a section of the Book of Kells, cocking a snook at the Dublin Castle minions ...” Gearradh fíneáil deich scilling ar Chathal uair faoina ainm a bheith i nGaeilge os cionn an tsiopa.

Bhíodh toitíní dá dhéantús féin ar díol ag Cathal ann: “Róisíní Dubha”, “Nóiníní”, “Píobairí”. Dúirt tuairisc in An Claidheamh Soluis an méid seo ar 16 Lúnasa 1902 i dtaobh na ndaoine a thaithíodh an áit: “Bíonn siad ag gabháil ceoil beagnach go dtí fáinne geal an lae. Táim cinnte gur breá an rud tobac le haghaidh litríochta. Taispeánann ‘An Stad’ gurb ea. Ní túisce a bhíonn píopa tobac caite ag Tadhg Ó Donnchadha ná a chuireann sé a lámh ar a éadan agus – ’sí an fhírinne ghlan í – gabhann sé amhrán úrnua, agus bíonn an scéal céanna ag mórán daoine eile. Go deimhin bíonn oireachtas beag sa ‘Stad’ gach oíche i rith na bliana”. Is ann a cuimhníodh i dtosach ar an iris Banba a fhoilsiú agus bhí baint ag na Draoithe (Nioclás Ó Cuimín, Feardorcha Ó Conaill agus a gcomhluadar a bhunaigh an iris An tEurópach) leis an áit freisin. Bhíodh An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge agus Banba á ndíol ann.

In Banba Bhealtaine 1902, tá cuntas taitneamhach ag an Seabhac – is í an chéad aiste i gcló aige í – ar An Stad agus luann sé Lotti Aungier (“Lotorum”): “... is mó Gaeilge á foghlaim ann ó sheachtain go seachtain ná in aon áit eile b’fhéidir in Éirinn uile. Is maith an chomhartha air seo nach raibh oiread is focal Gaeilge ag Iníon Nic Éinséar nuair a tháinig sí ann ar dtús timpeall bliain go leith ó shin ach chuaigh sí chomh mór san i bhfeabhas faoi cheann leathbhliana, ó bheith ag éisteacht leis na Gaeilgeoirí gur cuireadh isteach ar chomórtas in amhránaíocht ag an Oireachtas í, agus ar a shon nach bhfuair sí an chéad duais chuaigh sí dian go leor air go háirithe”. Fuair Lotti bás ar 31 Eanáir 1902.

Chomh maith leis na daoine thuasluaite is iad na hainmneacha is mó a luaitear leis An Stad: Seoirse Mac Fhlannchaidh, Micheál Cíosóg, Art Ó Gríofa, Piaras Béaslaí, Jack Yeats, Sceilg, Fiachra Éilgeach, Séamus de Chlanndiolúin, Major John McBride ... ach is beag scríbhneoir Gaeilge nó Béarla i mBaile Átha Cliath nár chaith oíche anois is arís ann. Bhíodh mórleabhar cuntas ann (“Leabhar na hÉigse”) a scríobhadh na custaiméirí véarsaí nó cartúin inti. Gur ag mac le Cathal i mBéal Feirste a bhí sé an tuairisc dheireanach ina thaobh. Fograíodh An Stad a bheith le díol in An Claidheamh Soluis 16 Meán Fómhair 1905. Tá dán leis an ‘Ard-Draoi’ [Feardorcha Ó Conaill] [B2] dar teideal ‘An Stad: To Let’ san iris chéanna 7 Deireadh Fómhair 1905: ‘Is ann do dhíoltaí na píopaí ba néata,/ Sceana agus pouches is togha sigiréidí/ An Píobaire, an Róisín, ’s an Nóinin Gaelach -/ Snaois is tobac dob fhearra bhí in Éirinn’. Bhí ‘Slán leis an Stad’ le Torna i gcló 4 Samhain 1905: ‘Mo ghoin, mo chnead, an chreach a thug/ Mo nead, mo bhoth, mo bhrogh, mo stad/ Gan sult, gan stair, gan casadh poirt/ Is Cathal bocht go doiligh as.’ An chéad Satharn de Bhealtaine 1906 chruinnigh scata dá sheanchustaiméirí i 24 Sráid Uí Chonaill Uach. chun comhartha measa a bhronnadh ar Chathal. Tháinig Pádraig Archer [q.v.] ó Gloucester agus bhí ann freisin Séamus Ó Fiannachta [q.v.], an Dr Marcas Ó Roighin [B1], Art Ó Griofa, Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] [q.v.], Pádraig Ó hAichir [q.v.], Séamus Mac a’Bhaird[q.v.], Donnchadh Ó Liatháin [q.v.] ó Bhéal Feirste, Dónall Ó Duibhne ón Spidéal, Éamonn Ó Néill [q.v.] ó Chionn tSáile, Tomás Ó hAodha[B2] agus go leor eile.

An drámaíocht an dara rud a chuir ainm Chathail in airde. Bhí baint aige le hAisteoirí Chraobh an Chéitinnigh go luath ina shaol; ba é an t-aon Ultach amháin ina measc é. Bhí sé san fhoireann a stiúraigh Willie Fay i ndráma an Duinnínigh, An Tobar Draíochta, i dTrá Lí, i gCill Airne agus i mBaile Átha Cliath i 1902. Bhí sé ar dhuine de chéad léiritheoirí drámaí i nGaeilge, go háirithe drámaí ag Oireachtas na Gaeilge. Ba é a léirigh dráma Thomáis Uí Aodha, Seabhac na Ceathrún Caoile, mar shampla.

D’fhág sé a phost le muintir Mooney timpeall 1905 agus chuaigh go hiomlán le cúrsaí siamsaíochta den uile chineál. Ar feadh tamaill bhí comhlacht taistil aige. Théadh sé ar fud na hÉireann agus go dtí cibé áit sa Bhreatain a raibh pobal Éireannach ann. Ba é an chéad bhainisteoir é ar an bpictiúrlann The Phoenix ar Ché Ellis nuair a osclaíodh é ar 3 Nollaig 1913 agus uair éigin ina dhiaidh sin bhí sé i bhfeighil an Masterpiece, pictiúrlann i Sráid an Iarla Thuaidh. I 1915, sholáthraigh sé plota an scannáin “Fun at a Finglas Fair” a stiúraigh F. J. McCormack. Bhí sé féin páirteach mar aisteoir sa scannán “Irish Destiny” i 1925. An bhliain roimhe sin cuireadh ceolchoirm cheiliúrtha ar siúl le hómós dó in Amharclann na Banríona, Baile Átha Cliath. Gach rud dár léiríodh an oíche sin ba é déantús Chathail féin é. Le tríocha bliain roimhe sin in The Shamrock agus san Irish Independent bhí amhráin agus píosaí aithriseoireachta grinn i gcló aige. Is dóigh gurb iad “The Star of the County Down” (pósta ar sheanfhonn aige), “Kate Muldoon” agus “The Devil and the Bailiff” na píosaí is mó atá i mbéal an phobail. Ar na drámaí a scríobh sé tá: The Peeler and the goat, The Mending of the door agus On the bend of the road. Scríobh sé go leor sceitseanna grinn don stáitse freisin.

Bhí aithne mhaith ag Piaras Béaslaí air agus san Irish Independent ar 20 Eanáir 1965 bhí an méid seo le rá aige: “He never attained a mastery of the Irish language although he sang songs in Irish ... After a life spent delighting and entertaining the public without much financial profit, supporting himself by labour of another kind, his last days were spent in poverty”. D’éag sé ar 15 Samhain 1927. Foilsíodh An Stad: croílár na hAthbheochana, 1993 le Seán Ó Cearnaigh. ‘Is é atá i gcorp an leabhair seo roghnú as trí imleabhar lámhscríofa in An Stad’. Deir Seán go bhfuil imleabhar ar iarraidh. ‘I seilbh phríobháideach atá na lámhscríbhinní seo, ach táthar ag súil go mbeidh fáil orthu ar mhionscannán i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sara fada’.