CAOMHÁNACH, Séamas (1900-1989) Séamas CAOMHÁNACH 1900 1989 Baile na Rátha, Co. Chiarraí M Coláiste Ullmhúcháin Bhráithre De La Salle, Mala, Co. Chorcaí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Ollscoil Bonn, an Ghearmáin Coláiste na hOllscoile, Corcaigh scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ó thús chúrsa a bheatha gairmiúil síleadh gur chuir a sháreolas ar theanga a cheantair féin go mór lena chumas mar scoláire Sean-Ghaeilge; is é a deireadh Micheál Ó Briain [B2], scoláire Sean-Ghaeilge, leis gur mhór an trua nach í an Nua-Ghaeilge a lean sé. Tá cuntas iarbháis ag Seán Ó Coileáin in Feasta, Samhain 1989 agus deir sé gur ‘cailleadh a lán de shaibhreas na sean-mhuintire ina theannta’.

Ba dhuine é den chúigear clainne a bhí ag Seán Dónaill Ó Cíobháin agus a bhean Máire de hÓra agus is i mBaile na Rátha, Dún Chaoin, Co. Chiarraí, a rugadh é 7 Bealtaine 1900. Deartháireacha leis ba ea Muiris ‘Kruger’ Caomhánach[B1] agus Seán an Chóta[B1]; is léir gur de mhuintir Chíobháin iad ach, le linn óige na ndeartháireacha, bhí éiginnteacht timpeall cheartleagan Gaeilge an tsloinne. Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin agus i mBaile an Fheirtéaraigh agus is mar dhalta scoile a chéadchuir Osborn Bergin[B2] aithne air. Bhuaigh sé scoláireacht i 1920 chuig cúrsa timireachta de chuid Chonradh na Gaeilge. An bhliain dár gcionn bhuaigh sé scoláireacht go Coláiste Ullmhúcháin Bhráithre De La Salle in aice le Mala. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1924 agus bhí an marc ab airde in Éirinn sa Ghaeilge aige sa scrúdú deiridh. Bhí sé ag múineadh i scoil náisiúnta Chill Chuáin i gCorca Dhuibhne agus i Scoil Náisiúnta Naomh Saviour i mBaile Átha Cliath i rith 1924-26 sular thosaigh sé ag staidéar ar an léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. B’éigean dó a bheith ag saothrú a choda i rith 1926-32 trí mhúineadh na Gaeilge anseo is ansiúd i mBaile Átha Cliath (Coláiste Laighean, Scoil na Máisiúnach, scoil na mbuachaillí in Sandford, Coláiste Ráth Fearnáin, an Mhodhscoil Láir), agus i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré; ghlac sé páirt i gcúrsaí samhraidh choláiste Charraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, i rith 1924-27. Bhain sé BA amach i 1929 agus an chéad áit sa ghrúpa. ‘The Vocabulary of the West-Kerry Dialect of Irish’ ba theideal dá thráchtas máistir i 1931. ‘Beachtú ar fhoclóir mór an Duinnínigh de réir a chanúna féin atá sa tráchtas agus is maith is fiú féachaint air inniu féin. . . ’ (Ó Coileáin).

I 1930 lean sé den staidéar in Ollscoil Bonn. Nuair a bhí Vernam Hull[B5] á mholadh mar iarrthóir d’ollúnacht i gCorcaigh i 1945 scríobh sé: ‘I have known Dr Kavanagh for fifteen years. While I was in the Gaeltacht in 1930 I was so much impressed with his forthright character and with his ability as a teacher of Irish that upon returning to Bonn, Germany, where I then was one of the editors of Hessen’s Irish lexicon, I made arrangements to have him come to Bonn in order that he might not only pursue his Celtic studies under Professor Rudolf Thurneysen[B4] there, but also might become a co-worker on the dictionary.’ I 1931 bhuaigh sé scoláireacht taistil Ollscoil na hÉireann agus lean air in Bonn go 1933, é ag staidéar ar an tSean-Ghaeilge, ar an bhfileolaíocht chomparáideach, ar an Sanscrait, an tSean-Ioruais, gach tréimhse den Ghearmáinis, an Ghréigis agus na seanteangacha eile agus na hábhair eile is suim le fileolaithe. Ar feadh 1933-34 bhí sé ina mhac léinn taighde i gColáiste Ollscoile Chorcaí, é ag gabháil do chúrsa Ph.D.; is i ngeall ar chuid den soláthar a rinne sé i gcomhair Hessen’s Irish lexicon a ghnóthaigh sé a chéim dochtúra. Ceapadh é ina chúntóir ag ollamh na Gaeilge i gCorcaigh, Tadhg Ó Donnchadha[B1], agus ceapadh é ina léachtóir sna teangacha Ceilteacha i 1940. Bhí tamaill caite aige ag foghlaim in Albain, sa Bhreatain Bheag, sa Bhriotáin agus i Manainn. Bhí suim ar leith aige sa Mhanainnis agus bhí an chéad chuid de Pilgrim’s Progress John Bunyan aistrithe aige sa teanga sin. I 1941 rinne sé cúrsa trí mhí sa bhfoghraíocht i Scoil an Léinn Cheiltigh. Ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Ceilteacha agus Fileolaíocht Cheilteach i gCorcaigh i 1946, post a bhí aige gur éirigh sé as i 1970. I mBéarla a bhíodh an rang aige i gcónaí agus deir Ó Coileáin gur ‘comhartha ab ea é go raibh do phas agat é a labhairt leat i nGaeilge’. Agus deir an t-údar sin faoi Sheán Ó Ríordáin[B3]: ‘Sólás dó ab ea a chloisteáil ... ó Shéamas Caomhánach, fear nárbh fhéidir a bheith in amhras ar a dhintiúirí chun a labhartha, nach raibh an Ghaeilge ag aon duine riamh’ (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982).

In ainneoin a raibh d’ardmheas air ag a chomhscoláirí is beag a scríobh sé; dá chomhartha sin níl lua ar aon rud leis sa leabharliosta fada in Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta, 1994. Luaitear leis scéalta ón mbéaloideas in Lia Fáil i 1929 agus 1931, na litreacha R agus S in Hessen’s Irish lexicon , cúpla alt faoin ogham i gcomhpháirt le M.J. O’Kelly in iris seandálaíochta Chorcaí agus in imeachtaí an Acadaimh Ríoga, agus fíor-chorralt in Éigse agus Celtica. Meastar gurb é fáth na teirce sin gur thosaigh sé ar a magnum opus, saothar ar ghluaiseanna Würzburg, go hóg ina shaol agus gur leis a chaith sé a dhúthracht go léir as sin amach. Níor mhair sé chun a shaothar a fheiceáil i gcló mar níor foilsíodh A Lexicon of the Old Irish Glosses in the Würzburg Manuscript of the Epistles of St Paul, in eagar ag Dagmar S. Wodtko, go dtí 2001. Is í aidhm an tsaothair ‘to constitute a complete listing and grammatical analysis of all the words and their inflectional forms found in the Würzburg glosses’. ‘Monumental lexicon’ a thugann an t-eagarthóir air: 907 leathanach atá ann agus CD-ROM ina theannta. Gheofar eolas ar an dua a bhain leis an obair agus ar na constaicí a bhí i slí a fhoilsithe i réamhfhocail an údair agus an eagarthóra. An costas a bhainfeadh lena chur i gcló an fáth ar chinn Scoil an Léinn Cheiltigh nárbh fhéidir leosan é a fhoilsiú. Ar Bhrian Ó Cuív[q.v.] a thit sé an drochscéal a thabhairt dó agus scríobh Séamas ar ais chuige 25 Deireadh Fómhair 1984: ‘Thurneysen a mhol an obair sin domsa ar dtúis, lá amháin ina ranng—’sé dubhairt sé chó fada lém chuimhne—“tá an fhoidhne agatsa chun é a dhéanamh” .... Tá a lán dem’ shaoghal caithte agam leo agus anois ód litirse—ní hamháin gur obair in aisce í, ach obair gan toradh.’ Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire a d’fhoilsigh sa deireadh é. Is é focal scoir an eagarthóra: ‘And while I deeply regret all such mistakes as may remain in my edition I like to think that Prof. Kavanagh will yet forgive his editor when, coming from one of his discussions with Thurneysen and the prima manus (with St. Paul always too busy to drop in), he may look down and finally see his work published.’ D’éag sé i dteach a iníne 27 Meitheamh 1989; bhí sé pósta ar Lydia Rosario Esperança a bhí marbh le tamall roimhe.