CAOMHÁNACH, Aodh Placidus (1917-1998) Aodh Placidus CAOMHÁNACH 1917 1998 M eagarthóir múinteoir Bráthair Críostaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas gairid ar an mBráthair Críostaí seo ag Liam Prút in Comhar, Bealtaine 1998. Is é a scríobh an chaibidil ‘Na Bráithre Críostaí agus an Ghaeilge’ in Gníomhartha na mBráithre, 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil agus tá nóta beathaisnéise sa leabhar sin. Luaitear é i measc na mBráithre a bhí chun tosaigh i múineadh na Gaeilge agus i múineadh trí mheán na teanga, i reáchtáil choláiste oiliúna na mBráithre trína meán, agus i bhfoilsiú téacsleabhar Gaeilge i gcóir na n-ábhar éagsúla. B’as Co. Cheatharlach dó. Chaith sé tamaill ag múineadh: i nDún Dealgan; i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath; in Ard Aidhin, mar a raibh sé ina uachtarán ar Mheánscoil Dháibhéidh. Bhí baint mhór aige leis an scéim a chuir na Bráithre ar bun i 1953 chun buachaillí a thabhairt chun na Gaeltachta. Thugadh sé scata ó Dhún Dealgan go Cnoc Fola gach bliain. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Ógra Éireann, ina eagarthóir ar An Réiltín, ina bhall de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ina Leas-Phroibhinsial ar na Bráithre Críostaí. I gcomhar leis an mBráthair M. F. Ó Donnchú chuir sé an 3ú heagrán de Amhránleabhar Ógra Éireann, 1954 ar fáil. Scríobh sé Scoil Iósaif Marino: iris chuimneacháin 1916-1966, 1956. Nuair a d’éag an Bráthair A.S. Ó Maoil Eoin [B5] ba é a chóirigh an saineagrán cómórtha de An Réiltín. Bhíodh ailt agus dánta leis féin i gcló san iris sin. D’éag sé 19 Feabhra 1998.