MAC CUMHAILL, Maghnus (1885–1965) Maghnus MAC CUMHAILL Fionn Mac Cumhaill 1885 1965 Leitir Catha, Co. Dhún na nGall Reilig Ghlas Naíon M Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath scríbhneoir státseirbhíseach múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I Leitir Catha sna Rosa, Dún na nGall, a rugadh é ar 23 Meitheamh 1885. Feirmeoir agus táilliúir a athair Séamus agus ba í Bríd Ní Bhaoill a mháthair. Sa scoil náisiúnta bhuaigh sé scoláireacht an rí agus thug sin é go dtí Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn. Théadh sé de chois ann ó Leitir Catha. Bhíodh sé ag obair i mbácús i rith na tréimhse sin.

Chaith sé seal i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Anuas go dtí 1913 is ag obair thar lear a bhí sé, sna Stáit Aontaithe an chuid is mó den am: “seal ag déanamh fómhair, seal in oibreacha iarainn, seal sna poill ghuail, seal ina náibhí, seal ina bhuachaill bó, seal ina mhúinteoir Béarla”, mar a deir Ó Droighneáin in Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge. Lúthchleasaí ildánach aitheanta ba ea é ina óige. Bhuaigh sé boinn in Éirinn agus sna Stáit sa léim ard agus i gcaitheamh na meáchana 16 phunt. Chuaigh sé le dornálaíocht go gairmiúil sna stáit agus bhíodh an tseamróg ar a fheisteas aige. Is é an t-éacht dornála is mó a luaitear gur bhuaigh sé ar Joe Chiniski i Madison Square Gardens.

D’fhill sé abhaile uair éigin i 1912/3. Ag múineadh Gaeilge an tslí bheatha a bhí aige. Deirtear gur thaistil sé an tír le Ruairí Mac Easmainn ag stocaireacht do Choláiste Uladh agus is dóigh gur tuairim an ama seo é. Is cosúil gur mar gheall ar fheabhas a lúthchleasaíochta a thug mic léinn Choláiste Uladh ‘Fionn’ mar ainm air. Ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse mar oifigeach eolais – aidiúnach an chéim a bhí aige. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ach níor ghlac aon pháirt sa Chogadh Cathartha. Seirbhíseach de chuid na Chéad Dála a bhí ann ach ní bhfuair sé post seasmhach sa tseirbhís go ceann tamaill de dheasca an phoblachtánachais. Bhí sé ag obair sa Roinn Oideachais ar dtús sula bhfuair sé post buan i gCoimisiún na Státseirbhíse. Phós sé Bríd Ní Chanainn as Garbhach, Co. Liatroma, i 1943. Bhí triúr mac agus iníon amháin acu. Tugadh Fionn agus Maicín ar bheirt de na mic.

Is é An Dochartach (g.d.) a chéad leabhar. Deirtear gur chuir sagart geall leis nach dtiocfadh leis leabhar a mbeadh 60 leathanach inti a scríobh taobh istigh de mhí. D’éirigh leis An Dochartach a scríobh i gceithre oíche! “Tá dealramh aige leis na seanscéalta Fiannaíochta a insítear cois tine oíche gheimhridh sa Ghaeltacht”, a dúradh faoi in Irisleabhar Mhaigh Nuad (1924). Bhí sé ina chónaí i Sráid Heytesbury i mBaile Átha Cliath nuair a scríobh sé Tusa, a mhaicín (1922). Choigistigh agus dhóigh na Dúchrónaigh an lámhscríbhinn agus b’éigean do Mhaghnus an scéal a scríobh as a chuimhne. Leabhair eile leis is ea Maicín (1924), ‘Sé Dia an Fear is fearr (1929) lenar bhuaigh sé bonn óir ag Aonach Tailteann 1928, Na Rosa go bráthach (1939), Gleann na coille uaignighe (1946), Iascaire na gciabhfholt fionn (1955), a dhírbheathaisnéis Gura slán le m’óige (1967), An sean-fhód (1969). D’fhoilsigh an Gúm leabhar eile leis Slán leat, a Mhaicín, 1996. Fionn Mac Cumhaill a ainm pinn. Tá aiste fhada ag Liam Ó Laoire ar a chuid scríbhneoireachta in Scríbhneoireacht na gConallach, 1990, in eagar ag Nollaig Mac Congáil.

Fuair sé bás ar 7 Lúnasa 1965 agus tá sé curtha i nGlas Naíon.