Bhí an t-ard-státseirbhíseach seo, í ina Leasrúnaí sa Roinn Airgeadais, ar dhuine de bhunaitheoirí/caomhnóirí Ghael Linn i 1953. Bhí deireadh leis an bpáipéar Anois ag am a báis agus gan Foinse tagtha ina áit go fóill. Ní raibh teacht ar chuntas iarbháis i bpáipéar ar bith. San fhógra báis in Irish Times tugadh Cluain Tarbh mar sheoladh agus deirtear gurbh i bPáirc Mhuire, Séipéal Iosóid, a bhí cónaí uirthi roimhe sin; tugtar le tuiscint freisin gurbh as an bhFéith Bháite, Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí, di. D’éag sí i gCaisleán an Bharraigh ar 7 Iúil 1996. Níor ainmníodh a gaolta. Go dtí Cnoc na gCaiseal a chuaigh an tsochraid agus tá sí curtha i reilig an Chnocáin. Le tamall maith roimh a bás bhí cáil uirthi sna nuachtáin mar Chaitliceach coimeádach. Bhí céim mháistir aici.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú