Ó RUAIRC, Maghnas (c.1658–1750) Maghnas Ó RUAIRC c.1658 1750 Clais Mhór, Co. Phort Láirge M aistritheoir file sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Traidisiún liteartha na nGael, 1979 luann Williams agus Ní Mhuiríosa é in aon anáil le Liam Inglis[q.v.] agus Pádraigín Haicéad[q.v.] mar shagart a chleachtadh dánta grá a scríobh mar choinbhinsean liteartha. Ach is tábhachtaí le Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar ..., 1996) gurb é a shaothar fileata an t-amharc is léirithí a fhaighimid ar chúirt Sheámais III in St Germain. Tá cuntais ar an sagart seo: ag Richard Hayes in A Biographical Dictionary of Irishmen in France, 1949; ag Cainneach Ó Maonaigh[B2] in Celtica I, 1950 (‘Manutiana: the poems of Manus O’Ruorke (c.1658–1743’), ar cur síos é ar lámhscríbhinn Uí Ruairc ina bhfuil a maireann dá dhánta, iad i litriú foghraíochta: ‘the author’s own arbitrary semi-phonetic script’ a thugann Ó Maonaigh air; ag Proinsias Mac Cana in Collège des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001. Is é a thugann Mac Cana air ‘the amiable and pluricultural Waterfordman’. Deir Ó Maonaigh: ‘The transliteration of all the Irish poems into normal spelling and their full linguistic exploitation can be more conveniently attempted in a special study on some later occasion.’ I 1930 chuir Shán Ó Cuiv[B2] scór véarsa i gcló i litriú atá sothuigthe ag an ngnáthléitheoir (Maonas Ó Ruairc, file). Meastar gur cabhair é an litriú foghraíochta don té arb iad na canúintí a phríomhchúram. Is dóigh le Mac Cana gurb amhlaidh nár múineadh scríobh na teanga dó.

Níl d’eolas ina thaobh ach a bhfuil scríofa aige féin sa lámhscríbhinn úd; tháinig sí i seilbh sagairt Fhroinsiasaigh i 1774, bhí tamall i Lováin, ansin i gColáiste Isadóir sa Róimh agus ar deireadh i Leabharlann na bhFroinsiasach i mBaile Átha Cliath. Tá an téarma ‘Manutiana’ bunaithe ar an leagan Laidine dá ainm. Tá sa lámhscríbhinn seo nótaí gairide Béarla aige i dtaobh ócáidí na ndánta agus arís tá an litriú an-ait iontu. I gClais Mhór, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Fuair sé oiliúint i bPáras agus ann a oirníodh é. Chaith sé na blianta go 1720 ann agus bhí ina dhiaidh sin anuas go 1741 mar curé in Bransles, i roinn Seine-et-Marne. Bhí aithne fhorleathan air agus cáil air mar fhile, dar leis féin, i gcúirt na Stíobhartach in Saint Germain-en-Laye, mar a gcruinníodh na deoraithe Éireannacha. Thart ar 1705 chaith sé tamall ina theagascóir ag duine uasal: ‘in pension in the College of Louis the Great with a noble marquis to whom I was a tutor and a governor’. Bhí sé bródúil as feabhas a chuid Gaeilge agus bródúil nár chaill sé riamh í. Théadh sé in iomaíocht fhileata lena chara, an Dochtúir Maitiú Ó Cinnéide, aturnae, staraí agus ginealeolaí ó Luimneach a raibh baint aige le cúirt St Germain.

Deir Ó Maonaigh: ‘Reading through the MS, we come to conjecture up the vision of an amiable, witty old priest in the quiet evening of his days reflecting fondly and not without a touch of vanity on the glories of his younger years.’ Baineann ceann dá dhánta lena fhear gaoil, an Captaen Daniel O’Mahony. Bhí sé gaolmhar freisin le Eibhlín Nic Cárthaigh Riabhach, Madame Yvers: ‘She was one of the completest young women that came from Ireland.’ Scríobh sé dán á moladh. Do bhean chéile an Choirnéil Ronane scríobh sé dán grá: ‘This time appeared in the court and in Paris an Irish young gentlewoman married to Colonel Ronane in Spain, well known to the King and Queen and the nobles of both court and Paris of the three nations for her wit and beauty. She spoke English, Irish and French to perfection. She came to be fond of me in the highest degree, so that she craved the bishop of Waterford to get me to make her a lover’s song in Irish. She praised me over all the court and swore there was never the like of me in foreign parts. She sang extraordinary well and played the harp, violin and spinet. She appointed me a certain time to come to Paris with a great many of our gentlemen and ladies and made a great feast to hear the following song I did for her as a lover’ (An litriú leasaithe ag na húdair). Chum sé caoineadh i Laidin ar Shéamus II. Seo é an cur síos a dhéanann Ó Buachalla go hachomair ar a dhéantús: ‘Cnuasach trítheangach (Béarla / Gaeilge / Laidin) é de véarsaíocht thaitneamhach ócáidiúil, idir chaointe is amhráin mholta ban, idir dhánta cráifeacha is dánta polaitiúla. Na Stíobhartaigh ba bhunábhar do na dánta polaitiúla; a nginealach, a ngníomhréim, a ndán ...’.

I 1969 cuireadh suas plaic ina onóir ar bhalla na heaglaise in Bransles: ‘In memoriam Manus O’Rourke (Manus O Ruairic[sic]) 1658–1750, sagart paróiste agus file Gaeilge, curé de Bransles de 1722 á 1750 et poète irlandais.’ Ina meascsan a bhí sa láthair ag an searmanas bhí Ambasadóir na hÉireann sa Fhrainc. Tá an inscríbhinn i gcló, maille le cuntas ar bheatha an tsagairt, ag Mathilde Thévenin in Bulletin d’art et d’histoire de la vallée du loing, 1999.