An laochas, an chnuaisciúin, bua teangacha, bua ceoil ... is annamh a luaitear iad in éineacht ach ba tháthchodanna iad i gcorrmhéiniúlacht an Athar Tom Jones. I Rock Street, Trá Lí, a rugadh é ar 19 Nollaig 1868. Bhí teach tábhairne ann ag a mhuintir. Michael Jones a athair agus ba í Mary Stack a mháthair. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre Críostaí, Trá Lí, agus i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne. Ní raibh ach ocht mbliana déag aige nuair a bhuaigh sé craobh na hÉireann sa liathróid láimhe. Chreid go leor daoine gurbh é an t-imreoir ab fhearr ar domhan é. Tá tuairim ann gur bhain sé teideal an domhain i Meiriceá uair agus é ar a laethanta saoire ó Mhaigh Nuad. Tá cuntas gairid ag Tom McElligott ar an ngné sin dá shaol ina leabhar The story of handball: the game, the players, the history (1984). I gcuntas ag P. D. Mehigan Vintage Carbery (1984) deir sé: “... Father Tom Jones, by general acclaim, was the greatest handballer of all time”. Cluiche gairmiúil ba ea é ag an am agus níorbh annamh a bhuadh sé sparáin arbh fhiú £300 nó £400 iad. Lena raibh tuillte aige a d’íoc sé a tháillí nuair a chuaigh sé le sagartacht in 1890. I Maigh Nuad thugtaí “Jones’s Court” ar an bpinniúr ansiúd le barr measa air.

Oirníodh ina shagart é in 1896. As sin go ceann deich mbliana bhí sé ag obair i ndeoise Dhún agus Choinire, i Sasana agus san Astráil. Winston, North Queensland, paróiste a bhí 900 míle ar fhad, a bhí faoina chúram san Astráil. Stop sé i San Francisco ar a bhealach abhaile. Bhí litir aige á chur in aithne don Ardeaspag Ó Ríordáin ach deirtear, cibé fonn a bhí air bheith ag obair ann, gurbh í an liathróid láimhe a tharraing ar ais go hÉirinn é.

Bhí sé ina shagart cúnta i nGleann Beithe ó 1906 go Lúnasa 1909 nuair a aistríodh é go dtí Baile an Fheirtéaraigh. Ar an 13ú lá den mhí sin a bádh Eibhlín Nic Niocaill agus Dónall Ó Criomhthain agus ó tharla an tAthair Jones sa Bhlascaod ag an bpointe ama sin bhí lámh aige sna coirp a thabhairt i dtír. Ba eisean a rinne iarracht ar Eibhlín Nic Niocaill a athbheochan. Deirtear go ndúirt duine sa slua a bhí bailithe timpeall go raibh an aird go léir ar an mnaoi uasail agus gan aird ar bith ar mhac an fhir bhoicht. Stop an sagart chun fiafraí go feargach cé a labhair. Creideadh gur ag an bpointe sin a cailleadh Eibhlín! Deirtear freisin gur creideadh go raibh na horthaí cuí aige chun an t-anam a thabhairt ar ais inti ach go raibh eagla air iad a rá.

Ar an Kerryman, 23 Meán Fómhair 1950, dúirt Sceilg go ndearna Jones dianstaidéar ar an teanga sna ocht mbliana a chaith sé i mBaile an Fheirtéaraigh. Bhí ocht dteanga eile ar eolas aige, más fíor. Is cinnte go raibh an Ghearmáinis agus an Fhraincis aige mar d’aistrigh sé leabhar le H. Hansjacob faoin teideal Gleann Beithe (Oifig an tSoláthair, 1938) agus d’aistrigh sé ón bhFraincis leabhar le M. Xavier de Maistre faoin teideal Cailín ón Sibéir (Oifig an tSoláthair, 1958). “An tAthair Tomás Mac Eoin” an t-ainm a chuir sé leo mar údar. Tá cuid eile dá aistriúcháin ón nGearmáinis le fáil sa Catholic Bulletin ar feadh 1914 (“An Scuab: De n-a bhfuil caithte dhe shaol ainniseora, a translation by Rev. T. Jones, Ballyferriter, of the German text ‘Aus dem Leben eines Unglucklichen’, by Fr Hansjacob”). Dúirt Sceilg freisin gur chúis mhór díomá ag Jones gur dhiúltaigh an Gúm an deis a thabhairt don phobal na clasaicigh a d’aistrigh sé a léamh. Maítear freisin go raibh sáreolas aige ar shaothar Shakespeare.

Le linn dó bheith i mBaile an Fheirtéaraigh a shábháil sé ochtar mairnéalach loruacha longbhriste. Dúirt P. D. Mehigan: “With the courageous peasants of Ballyferriter, the old athlete descended perpendicular cliffs on ropes and brought the unconscious men to safety”. Ar 26 Aibreán 1916 a tharla sé nuair a cuireadh an Carmanian go tóin poill le toirpéad caoga míle amach ón gcósta. Níor éirigh ach le bád beag amháin an cósta ag Baile na bPoc a shroichint. Tharla go raibh stáisiún ar siúl ag an Athair Jones i mBaile na bPoc agus bhailigh 100 ag féachaint síos ar an mbád beag san fharraige ag bun faille 200 troigh ar airde. Chuaigh an sagart agus triúr fear ón gceantar i gcontúirt an-mhór. Is léir ón gcuntas atá sa Kerryman, 10 Lúnasa 1918 gurbh ar Jones a thit an chuid ba throime den obair. “All four scrambled down the uppermost part of the cliff by sliding on their faces and hands over loose stones and rough clay, but the lower part they had to manage by picking footholds in the chinks of almost perpendicular rocks. When below, a rope was several times thrown from the boat, which had stuck on the sand, and at length a wave washed it so that Father Jones reached it. The other three men caught his coat and got into a kind of tug-of-war order and pulled to prevent him from toppling over. On the strained rope the sailors were dragged up, one by one, until sufficiently near for a rescuer to grab him and pull him on to the inclining rock. When landed, two of them were unconscious and two more were unable to stir hand or foot, having been 50 hours exposed on a small boat”. Thar ceann Rí na hlorua bronnadh plaic airgid ar an sagart mar chomhartha buíochais i Halla Carnegie i gCill Orglan i mí Lúnasa 1918. Insítear go leor scéalta ar an neart a bhí ann.

Aistríodh go Cill Orglan é i 1916 agus ó 1921 go 1928 bhí sé sa Daingean agus ansin, anuas go 1931, i gCathair Saidhbhín. Ceapadh é ina shagart paróiste ar Ghleann Beithe agus bhí sé ann gur éag sé ar 19 Meán Fómhair 1950.

Níl teora leis na scéalta a insítear faoina sprionlaitheacht a bhí sé, faoin gcaoi ghortach a chaitheadh sé le sagairt chúnta, faoi na seanmóintí déarcaisiúla a thugadh sé, faoin droch-chaoi a bhí ar a shéipéal i nGleann Beithe, faoina sheiftiúlacht. D’inis bean áirithe as Baile an Fheirtéaraigh do scríbhneoirí an chuntais seo go raibh deirfiúr léi fostaithe i dteach an Athar Jones ar feadh samhraidh agus b’éigean di lá fada a chaitheamh ag lorg réil a bhí caillte sa ghairdín aige agus súil á coimeád aige féin uirthi ar feadh an ama. An seanchas atá ag na sagairt air, gan trácht in aon chor ar thuataí, líonfadh sé leabhar.

Deirtear go raibh sé in ann ceol a sheinm ar sé cinn de ghléasanna. Tagraíonn Breandán Breathnach dá phíobaireacht in Éigse Cheol Tíre 4, 1982–85 Tá cuntais air in Vexilla Regis, 1965, agus in Cork Holly Bough, Nollaig 1982.

D’fhág sé eastát arbh fhiú £8720.7.9 é, an teach ag 13 Sráid na Carraige, Trá Lí, san áireamh. D’fhág sé míle punt ag na Cistéirsigh i gCnoc Mheilearí agus Mt St Joseph’s chun go ndéarfaidís Aifrinn ar a shon (cúig scilling ar gach Aifreann) agus an fuíollach ag na misin i gcéin. Rinne cuid dá mhuintir iarracht sa chúirt ar an uacht a chur ar leataobh ach theip orthu. Tugadh an breithiúnas ar 18 Nollaig 1952. B’éigean na costais iomlána dlí a thógáil as an eastát agus creideadh gur beag a bhí fágtha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú