Ó hUAITHNÍN, Seon (1688–?) Seon Ó hUAITHNÍN 1688 ? M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá eolas faoin bhfile seo ag Eoghan Ó hAnluain, agus eagar curtha aige ar a dhánta, in Seon Ó hUaithnín, 1973; deir sé gur léir ‘gur den chineál sin duine é Ó hUaithnín a shamhlaítear leis an ochtú haois déag: an réice aerach éirimiúil a raibh gean na ndaoine air...’. Bhí Ó hUaithnín comhaimseartha le filí aitheanta eile sa Chlár: Micheál Coimin[q.v.], Aindrias Mac Cruitín[q.v.], Aodh Buí Mac Cruitin [q.v.]. Scríobh Micheál Ó Raghallaigh[B6]: ‘Do chónaigh muintir Sheoin Uí Uaithnín sa Dairrín i bparóiste Chill Scannaigh i gCorcomrua. Dob é an fear ba láidre agus ba mhó lúth agus léim dá raibh sa tír lena linn féin. Bhí sé róthabharta d’ól agus do mhná. Dá bhrí sin ní fhacamar saothar trom ná léannta óna pheann. An mhéid dá shaothar do chonairc mé atá sa leabhar seo. Do chuaigh go hóg don Spáinn mar a raibh a dheartháir ina thaoiseach cabhlaigh ag Rí na Spáinne. D’éag sé sa tír sin’ (i gcló ag Ó hAnluain). D’aimsigh Ó hAnluain ‘Juan O Huony’ i Reisimint Luimnigh na Spáinne i 1721, fear a raibh 33 bliain d’aois aige ag an am sin. Deir George U. MacNamara in Limerick Field Club Journal, 1905–8 gurb é ‘the tuneful Major O’Honin’ a thugtar ar Sheon i lámhscríbhinn a bhí ina sheilbh.

Ba é an mac ba shine é ag Bháitéar Ó hUaithnín agus Mary Holway. Bhí cónaí orthu sa Tulach Mhór i bparóiste Chill Easpaig Fhlannáin i 1704. Duine measúil ba ea Bháitéar, é in acmhainn dul i mbannaí £50 an duine ar bheirt shagart; é ina Ardchonstábla ar bharúnacht Chorca Mrua tamall; tá sé i measc na síntiúsóirí atá ainmnithe ag Aodh Buí Mac Cruitín in A brief discourse in vindication of the antiquity of Ireland, 1717. Scríobh Peadar Ó Conaill[B6] síos véarsaí a chum sé. Bhí deartháir Sheoin, Dónall, ina aimiréal i gcabhlach na Spáinne. Tháinig cnuasach beag dá litreachasan slán agus chuir George U. MacNamara i gcló iad in Limerick Field Club Journal, 1905–8 agus in North Munster Archaeological Society Journal, 1909–11. Tá sleachta astu i gcló ag Ó hAnluain. Tuairimíonn MacNamara gurbh í Mary Holway, Albanach, an dara bean ag Bháitéar, agus go raibh sé pósta roimhe sin ar bhean de mhuintir Nialláin.

Ceithre dhán déag agus ceathrúna fánacha an méid a mhaireann de dheántús Sheoin agus, seachas péire dán, ní raibh siad i gcló gur foilsíodh leabhar Uí Anluain. Bhí cuntas i mBéarla scríofa ag Séamus Mac Cruitin[B6] sé bliana roimh an Raghallach agus tá sé ina iomláine ag Ó hAnluain. Cuireadh i leith Uí Uaithnín sa chúirt in Inis gur scríobh sé dán Seacaibíteach inar mhol sé an foréigean. Iarradh ar Mhicheál Coimin an dán a aistriú don chúirt. Scread Seon amach i nGaeilge, dar le Mac Cruitín: ‘O Michael, though I be hanged for it, do not spoil the song!’. ‘A Mhíchíl, dá gcrochtaí in aghaidh mo chos mé, tabhair a gceart dom fhocail’ an leagan a bhí ag Eoghan Ó Comhraí[B6]. Ba é deireadh an scéil ag Mac Cruitín: ‘The translator however tempered the spirit of the original so well that the author was acquitted ...’. I gcló ag Ó hAnluain tá dán Phádraig Uí Fhiannachta agus an véarsa seo ann: ‘Bhis tabhartha leis do do cheard, / Rud a nochtais in Inis lá / Na cúirte nuair a ligis gáir / Ar an gCoimíneach faoina chóta bán / Agus é ag feannadh feoil do dháin / “Mo chúis liomsa ní cás / Crochtar mé más gá / Ach, ar son Dé, ná coill mo dhán”.’

Chuala Brian Ó Luanaigh [B1] gur bhrathadóir é agus go bhfuair sé airgead ón rialtas. I scéalta a bhailigh Séamus Ó Duilearga [B5] is ‘tory-hunter’ nó ‘croppy hunter’ é. I scéal a d’inis Stiofán Ó hEalaoire [B1] bhain Seon an ceann d’fhear a bhí ar a choimeád agus fuair luach saothair. Níor luaigh Mac Cruitín aon rud dá shórt agus is dóigh le Ó hAnluain gur Sheon Ó hUaithnín eile a bhí i gceist.