Ó hEODHASA, Eochaidh (c.1568–1612) Eochaidh Ó hEODHASA c.1568 1612 M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas ar a bheatha agus liosta d’fhoinsí i gcló ag Pádraig A. Breatnach in Éigse XXVII, 1993. Is é a bhreithiúnas air: ‘Eochaidh Ó hEódhusa was an outstanding poet whose gift equalled, even surpassed, that of his two most illustrious contemporaries, Tadhg Dall Ó hUiginn[q.v.] and Fearghal Óg Mac an Bhaird [q.v.].’ Tá sé ar an bhfile is mó atá i dtrácht ag an scoláire céanna in Proceedings of the Royal Irish Academy, 1983 (‘The Chief’s Poet’). Thug James Carney léacht phoiblí statúideach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath, 20 Márta 1958 agus d’fhoilsigh an Institiúid é i 1967 faoin teideal The Irish Bardic Poet: a study in the relationship of Poet and Patron as exemplified in the persons of the poet, Eochaidh O hEoghusa (O’Hussey) and his various patrons, mainly members of the Maguire family of Fermanagh. Tá an abairt shuntasach seo aige: ‘He is a figure from whom we can generalise, to some extent even from the dim pre-Christian period for which contemporary evidence is totally lacking.’ Agus bhí de thuairim ag an scoláire sin agus ag Eleanor Knott [B2] go mbeadh tús curtha ag Ó hEodhasa le ré nua san fhilíocht fiú mura mbeadh teipthe ar Ghaeil i ndiaidh Chionn tSáile (Marc Caball, Poets and Politics ..., 1998). Níor tugadh a dhéantus le chéile go fóill: tá naoi gcinn de dhíolaimí, ina bhfuil cuid dá dhánta i gcló, liostaithe ag Breatnach. Is é ‘Fuar liom an adhaighsi d’Aodh’ an dán is aitheanta dá dhéantús i ngeall ar an aistriúchán a rinne James Clarence Mangan (‘O’Hussey’s ‘Ode to the Maguire’) agus tá sé i gcló in The Field Day Anthology of Irish Writing, Vol. 1, 1991.

Is mar ollamh ag Mag Uidhir Fhear Manach a chaith sé cuid mhór dá shaol; le Cúchonnacht a d’éag 1589; le hAodh, a mhac, a d’éag 1600; le leasdeartháir Aodha, Cúchonnacht, a d’imigh chun na Róimhe leis na hiarlaí um Meán Fómhair 1607 agus a d’éag in Genoa 12 Lúnasa 1608. Tá 59 dán leagtha air agus is le muintir Mhag Uidhir a bhaineann tuairim a leath. Is dóigh gurbh i mBaile Uí Eodhasa, Co. Fhear Manach, a rugadh é. Ba é a athair, an file aitheanta Maoileachlainn Óg, is mó a chuir oiliúint mar ollamh air. D’fhreastail sé ar scoil i Leath Chuinn agus chaith tamall, agus é ina ollamh cheana féin, ag déanamh staidéir i dTuamhumhain. Bhí eolas scolártha aige ar Ghaeilge agus ar Laidin, bhí sé eolach ar ghinealaigh agus ar stair agus meastar go raibh cuid mhaith ábhair sa tSean-Ghaeilge léite aige. Ba mhaith ab eol dó an stádas agus na cearta a bhí dlite don ollamh (‘Mór an t-ainm ollamh flatha’). Tá léirithe ag Micheál Mac Craith in Éigse XIX, 1982 (‘Ovid, an macalla agus Cearbhall Ó Dálaigh’) agus in Saoi na hÉigse..., 2000 (‘Eochaidh Ó hEoghusa agus an freagra fileata’), in eagar ag Riggs, Ó Conchúir agus Ó Coileáin, go raibh eolas aige ar dhánta Béarla. Agus é ag tagairt don dán ‘Tríocha feallsamh fada ó shoin’ deir Tadhg Ó Dúshláine in The Irish in Europe ..., 2001 in eagar ag Thomas O’Connor (‘Devout humanism Irish-style...’) go bhfuil gach cuma air go raibh tionchar ag Dialogue of comfort, 1553 le Thomas More ar an dán sin.

Luaitear é i 1585–6 i measc daoine i bhFear Manach ar tugadh pardún dóibh. Bhí sé féin agus Aodh Mag Uidhir i bhfochair a chéile den chéad uair tuairim 1586 ag cóisir, i gCaisleán Inis Ceithleann, b’fhéidir, mar a ndearna siad conradh le chéile go gcuirfeadh Eochaidh ceathrú ag moladh Aodha i ngach dán a chumfadh sé (‘Connradh do cheanglas le hAodh’). Bhronn Aodh feirm air sa Chorrán in aice le Béal Átha na Mallacht ach ní róshasta leis a bhí Eochaidh agus rinne a ghearán le hAodh sa dán ‘T’aire ríomsa a rí ó nUidhir’. Ceann de na pointi is troime a gcuireann Carney béim air ná gurbh ionann ag Eochaidh taoiseach agus a ollamh agus fear agus a bhean chéile, is é sin gur pósadh a bhí ann. ‘This, I must emphasise, was a conceit.... Its effect was this: that such language could be used to a patron, that the resulting poem could pass for an expression of the deepest passion.’ Is mar seo a mhínigh David Greene [B3] an scéal in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 in eagar ag Seán Mac Réamoinn: ‘What I want to point out here is that the later bards made use of the language of love poetry to describe the relationship between themselves and their patrons, the poet being seen as the woman and the patron as the man.’ Nuair a maraíodh Aodh I Márta 1600 in arm Uí Néill i gCorcaigh dar le hEochaidh go raibh sé anois fágtha ina bhaintreach (‘Fada re hurchóid Éire’). Scríobh sé dánta molta d’Aodh Rua Ó Domhnaill (‘Díol fuatha flaitheas Éireann’), do Thoirdhealbhach Ó Néill (‘An sluagh sidhe so i nEamhain’) agus do thaoisigh eile agus is minic an cheathrú sin d’Aodh Mag Uidhir iontu. D’imigh sé ó dheas le Cúchonnacht Mag Uidhir nuair a tháinig na Spáinnigh i dtír ach b’éigean dó filleadh abhaile nuair a gortaíodh é, gur chaith dhá mhí ag teacht aniar as.

D’fháiltigh sé roimh theacht Shéamuis I i gcoróin i 1603 leis an dán ‘Mór theasta dh’obair Óivid’. Is é an chéad dán é ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) mar fhianaise ar aigne an aos léinn i leith na Stíobhartaigh a bheith ina ríthe ar Éirinn. Deir Carney: ‘He lifts up his face to King James “like a daisy to the sun”. But a cloud came over the sun and the whole subsequent impression of Eochaidh is one of despair and misery’: bhí an dá Aodh, Mag Uidhir agus Ó Domhnaill, marbh agus i ndiaidh imeacht na n-iarlaí chum sé ‘Beag mhaireas do mhacraidh Gaoidheal’. Ach roimhe sin d’impigh sé ar Aodh Ó Néill dul i ngleic aris leis na Sasanaigh (‘Fríoth an uainsi ar inis Fáil’). I 1603 scríobh sé an dán ‘Ionmholta malairt bhisigh’, ‘a poem in loose metre in which the merits of freer verse forms are extolled’ (Breatnach). ‘Denied his learned audience, he was forced downmarket to write in a more popular idiom’, a deir Declan Kiberd in Irish Classics, 2000. In Irish Bardic Poetry, 1970 is é a deir Osborn Bergin[B2] agus é ag tagairt d’ábhar an dáin seo: ‘Henceforth they [filí] might win a precarious living by competing with strolling singers. It was as if a poet laureate had to seek engagements in a music hall.’ Ní deirtear gur phós sé, ach tuairim an ama seo chuir sé spéis i Róis Ní Thuathail, baintreach Fhiachaidh mac Aodha Uí Bhroin, ‘the only hint of a woman in Eochaidh’s life’ (Carney). Scríobh sé péire dán di (i gcló in Leabhar Branach..., 1944, in eagar ag Seán Mac Airt[B3]).

Scríobh sé dán do Mhaolmhuire Ó Raghallaigh i 1610 agus sin é an dán is deireanaí uaidh. Bronnadh 210 acra air i bPlandáil Uladh i 1610–11. D’éag sé 9 Meitheamh 1612. In ‘Short Annals of Fir Manach 1566–1625’, in eagar ag Pól Breathnach [B2] in Irish Book Lover XXIII, 1935, dúradh: ‘Ó hEóghusa darbh ainm Eochaidh ardollamh oirdheirc a ndán agus a bhfoghluim agus a ngérinntleacht na healadhna Gaoidheilge agus biatach maith agus fear tighe aoidheach go comhchoitchionn duine mór-ainmneach ag Gaoidhealaibh agus ag Gallaibh dég’ (i gcló ag Breatnach). Deartháir nó gaol gairid leis ba ea Giolla Brighde Ó hEodhasa [q.v.].