Is le hómós don taoiseach seo a scríobhadh 23 de na 38 dán sa duanaire cáiliúil ‘Leabhar Uí Eadhra’ (Book of the O’Hara : Leabhar Í Eadhra, 1951 in eagar ag Láimhbheartach Mac Cionnaith) agus is faoina chomhair a tionscnaíodh an duanaire sin i 1597. Tá dánta le 14 file ann agus cinn le Fearghal Óg Mac An Bhaird, Irial agus Tadhg Dall Ó hUiginn agus filí eile de mhuintir Uiginn, Maol Mhuire Ón Cháinte, Pádraig Óg Mac An Bhaird, Diarmuid Dall Mac an Fhir Léighinn, Tadhg mac Giolla Brighde Mac Bruaideadha, Diarmuid Mac an Bhacaigh Ó Clúmháin.

Ag a athair Cian agus ag a dheartháir féin, Tadhg, a bhí tiarnas Luighne, Co. Shligigh, roimhe. Ní raibh ann ach buachaill óg nuair a maraíodh Tadhg i 1560. D’éirigh le Conn Ó hEadhra seilbh a ghlacadh ar an tiarnas agus is iomaí sin gábh agus éigean, gan trácht ar dheoraíocht agus braighdeanas, a d’fhulaing Cormac sular éirigh leis teacht in oidhreacht, más fíor d’fhianaise na ndánta. I 1578 d’aithin rialtas Shasana é nuair a ceapadh é ina sheanascal ar Mhachaire Luighne agus is cosúil gur tugadh aitheantas mar cheann fine dó sular éag Conn i 1581. Aithníodh mar thiarna Luighne é i 1584 agus an bhliain dár gcionn ghlac sé leis an gcóras nua cánach a dtugtar ‘Composition of Connaught’ air. Ach an drochobair a bhí ar siúl ag Sir Richard Bingham agus Richard Boyle a thug air tacú le Ó Néill agus Ó Domhnaill faoi 1594. Tugadh pardún dó i 1602 agus ba iad na socruithe dlí a rinne sé a d’fhág gur choimeád a mhuintir seilbh ar a dtailte go ceann i bhfad. D’éag sé i 1612. Dúradh in Annála Ríoghachta Éireann nach bhfacthas i gConnachta tiarna a bhí inchurtha leis ar oineach agus ar uaisle, ar mhéid agus ar mhaise a dhéirce agus ar dhaonnacht. Síltear gur phós sé trí huaire.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú