Ó DOMHNAILL, Nioclás [An tAthair Bonaventura] (c.1700–c.1759) Nioclás Ó DOMHNAILL An tAthair Bonaventura c.1700 c.1759 M Proinsiasach file sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Áirítear an Froinsiasach seo Áth Dara mar dhuine d’fhilí na Máighe. Tá cuntais air: ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967 ( mar aon le leathdhosaen dá dhánta) agus in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980; in An Mangaire Súgach..., 1996 le Máire Comer Bruen agus Dáithí Ó hÓgáin; in Éigse na Máighe .i. Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Aindrias Mac Craith – an Mangaire Súgach, 1952 le Risteard Ó Foghludha[B1], ina bhfuil trí dhán leis; in Cois Máighe na gCaor, 1965 le Mainchín Seoighe.

Bhí triúr Bonaventura dar shloinne Ó Domhnaill sna Froinsiasaigh i leath tosaigh an 18ú haois; Ultach agus léachtóir sa diagacht a d’éag roimh 5 Márta 1635 ba ea fear díobh agus d’éag an fear eile roimh 6 Meán Fómhair 1636 (Mhág Craith). Níl a fhios cén t-ainm baiste a bhí orthu sin. Ghlac Pádraig Ó Duinnín (Filidhe na Máighe) leis go raibh fear Áth Dara ina ollamh le diagacht i Lováin i 1705 agus ina uachtarán ar an gcoláiste ann i 1717. Deir Mhág Craith faoi Nioclás Ó Domhnaill, file: ‘Ní ghlaoitear bráthair ar bith as an ainm Nioclás Ó Domhnaill, chomh fada le m’eolas, ach in aon áit amháin. Agus tá an tagairt sin le fáil i bpáipéir a fuarthas i seilbh beirt Doiminiceánach a ghabh an rialtas 6 Meitheamh 1739. Bhíothas tar éis cuairt a thabhairt ar thithe an oird agus tuarascáil a scríobh fúthu. Is í an tuarascáil sin a fuarthas ina seilbh. Tar éis an méid atá tugtha síos inti faoi St. Dominic’s Ross tá nóta: MEM. There is a Minorite Nicholas O Donel, in the Kilocia district. Kilocia an Laidin a bhí ar Chill Mocheallóg. Is cosúil gurb ionann Nioclás Ó Domhnaill agus an tAthair Bonaventúra a bhí in Áth Dara faoin am sin. Ceapadh ina ghairdian é in Áth Dara, 1733, 1735, 1739, 1741, 1744, 1748, 1751, 1753, 1757. Sa bhliain 1745 fuair sé an teideal missionarius emeritus; agus toghadh é ina definitor provinciae – post a fuair sé arís 1746, 1747.’

Bhí an fear seo ina léachtóir fealsúnachta in Boulai san Fhrainc, rud a chiallódh, is cosúil, gurbh i bPrág a rinne sé a chuid staidéir. Ní luann Mhág Craith Lováin dubh ná bán. Fuair sé bás tráth éigin idir 29 Lúnasa 1657 agus 19 Feabhra 1759 (Mhág Craith). Na dátaí céanna atá ag Ó Foghludha; ní foláir nó rinne seisean teagmháil leis na Froinsiasaigh. Ba leasc leis an bhFoghludhachan Duinníneach a cheartú ach scríobh sé: ‘Níl aon deimhin againn go mba léitheoir sa Diagacht é, bíodh go bhfuil an chéim sin luaite leis faoi bhliain a 1746 – is baolach go bhfuil meascadh sa scéal ina thaobh san, mar bhí Bonabhentúra Ó Domhnaill eile ann go raibh an dá ghradam aige. Ultach ba ea eisean – ó Thír Chonaill is dócha.’ Cárbh as d’fhear Átha Dara? Deir Ó Foghludha: ‘Níl aon amhras ach gur dhuine den cheantar san Chois Máighe an tAthair Nioclás Ó Domhnaill O.F.M., Gairdian Mhainistir Áth Dara. Do b’é nós na haimsire ag an Ord san, san drochshaol, duine den dúiche chéanna a chur i mbun ionaid ina mbíodh mainistir acu...’.

Deir Bruen agus Ó hÓgáin: ‘Bhí sé mar chúram ag an Athair Ó Donaill treisiú le heagrú na hEaglaise Caitlicí sa cheantar, agus is inmheasta gur lena chabhair siúd a bhunaigh an Tuamach [Seán Ó Tuama q.v.] a scoil scairte i gCromadh’. Nuair a tháinig Seán Clárach Mac Domhnaill [q.v.] ar cuairt go tábhairne an Tuamaigh i gCromadh ba é an tAthair Nioclás a labhair an chéad véarsa ar an ócáid. ‘Is suntasach an ní é sin, mar gur féidir a léamh as go raibh an Gairdian Froinsiasach úd ina cheann ar aos léinn na dúiche agus go raibh ciorcal léinn á bhunú d’aon ghnó aige’ (Bruen agus Ó hÓgáin); tá an dán fáiltithe, ‘Fáilte dár nArd-fhlaith dár ndíon’ i gcló ag Ó Foghludha. Nuair a fuair a chapall Preabaire bás chaoin sé é sa dán ‘Cé fada mé folamh’. Sa véarsa deiridh thug sé, shílfeá, dúshlán a chomhfhilí Cois Máighe: ‘I mbliana táim i bpráinn i bpeannaid ’s i bpudhair / Im iarsma ar chách ó ráinig Preabaire in úir; / Níl cliar ná dáimh im dháil le dainid mé dubhach / I gcian ó táid na Seáin ’s an Mangaire Subhach.’ Thug Seán Ó Tuama [q.v.], Aindrias Mac Craith [q.v.], Micheál Coimín [q.v.] agus Tomás Ó Glíosáin freagraí fileata air. Tá na línte seo i ndán Uí Ghlíosáin: ‘Each níor iarr Froinsias dár ghealladar réir, / Ní mar sin don chliar ‘na dhiaidh a rug barra air i gcéill!’. Deir Mhág Craith: ‘Murach an t-aor a cheap Tomás Ó Glíosáin ar Nioclás Ó Domhnaill, ní bheadh cruthúnas ar bith ar fáil gur bhain sé le hOrd S. Froinsias.’