Ó CEARNAIGH, Seán (c.1540–c.1587) Seán Ó CEARNAIGH c.1540 c.1587 Luíne, Co. Shligigh M Ollscoil Cambridge scríbhneoir aistritheoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Seo é an fear a scríobh an chéad leabhar Gaeilge dár clóbhuaileadh in Éirinn, agus an chéad leabhar clóbhuailte riamh sa chló gaelach, Aibidil Gaoidheilge & Caiticiosma .i. forcheadal nó teagasg Criosdaighe..., 1571. 200 cóip a clóbhuaileadh agus níl ach dhá chóip ar marthain, ceann i Leabharlann na Breataine agus an ceann eile i Leabharlann Bhodley in Oxford (luaití an tríú cóip a bheith in Ardeaglais Lincoln ach ní raibh sé ann nuair a chuir Tomás de Bhaldraithe ceist faoi). Níl a fhios cérbh é an clódóir. Thuairimigh E. C. Dix (Printing in Dublin prior to 1601, 1932) gurbh é Uilliam Ó Cearnaigh é ach déanann Nicholas Williams (I bprionta i leabhar... 1567–1724, 1986) beag is fiú den tuairim sin; clódóir nótáilte agus gaol le Seán Ó Cearnaigh ba ea é ach bhí 1571 róluath dó. I 1994 d’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha CliathAibidil Gaoidheilge & Caiticeasma. Seán Ó Cearnaigh’s Irish Primer of Religion published in 1571. Edited with introduction by Brian Ó Cuív. Is iad na ranna atá sa chaiticeasma seo: eipistil chun an léitheora; aibítir agus litriú; an caiticeasma féin, arb aistriúchán é ar an gceann atá in Book of Common Prayer, 1559; urnaithe; an dá cheann déag d’airteagail chreidimh.

Níl ach fíorbheagán eolais againn ar Ó Cearnaigh. Is i Luíne, Co. Shligigh, a rugadh é agus is dóigh, mar sin, gurbh ar scoil ag muintir Uí Uiginn san áit chéanna sin a bhí sé. Tuairimíonn Ó Cuív gurbh in Cambridge a d’iompaigh sé ina Phrotastúnach, tharla an creideamh leasaithe a bheith go mór i bhfaisean ann le linn Uí Chearnaigh. Tuairimíonn sé freisin gur cuireadh oiliúint i scoil filíochta air: ‘This seems even more likely if, as is probable, it was he who provided the text of Pilib Bocht Ó hUiginn’s poem for the broadsheet’. Is ag tagairt atá Ó Cuív don dán ‘Tuar ferge foighide Dé’; clóbhuaileadh é, mar phíosa trialach, b’fhéidir, sular cuireadh an caiticeasma amach agus an t-aon chóip dá bhfuil ar marthain is in Cambridge atá. Deir Cunningham gur tairgeadh ardeaspagóideacht Thuama dó agus gur dhiúltaigh sé é. Bhain sé céim amach i bhFeabhra 1565 tar éis dó a bheith i gColáiste Mhagdalen in Cambridge. Ceapadh é ina chisteoir in Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath. B’fhéidir gur le linn dó a bheith in Cambridge a d’aistrigh sé an caiticeasma go Gaeilge. Deir sé san eipistil chun an léitheora: ‘Agus ní hé amháin atáim á iarraidh ort an ceartú ceannsa carthanach a thabhairt ar an gcló, ach cheana ar an translásion nó ar an athrú a rinneas-sa ar an gcaiticeasma seo a cuireadh amach roimhe ar mhórán culaidh linn 1563 d’aois an Tiarna...’ (litriú an lae inniu ag na húdair). Dúradh in Dictionary of National Biography: ‘A previous edition, as he states in his preface, had appeared in 1563, but it is otherwise unknown.’ In Éigse, earrach 1958 (‘Leabhar Charswell in Éirinn’) deir Tomás de Bhaldraithe: ‘Is deacair a bheith fíorchinnte den chiall a bhí aige le do cuireadh amach ar mhór an [ar mhórán] chulaidh línn. Is dóigh gurb éard is ciall dó gur chuir sé amach é faoi chlónna éagsúla.... Pé ciall atá leis na focail sin, tá sé le tuiscint ón sliocht thuas nár chuir sé amach sa mbliain 1563, ach an Caiticiosma.’ I gcuid eile den alt céanna taispeánann de Bhaldraithe gurbh as leabhar Charsuel [q.v.] a fuair Ó Cearnaigh cuid de na paidreacha. Ach, maidir leis an leabhar a cuireadh amach in Cambridge, is é an léamh a dhéanann Williams ar an tagairt sin gur leabhar lámhscríofa a bhí i gceist, b’fhéidir.

Tairgeadh post i gConnachta dó ag pointe éigin i ndiaidh 1571 ach bhí eagla air glacadh leis i ngeall ar a chorraitheacht a bhí an chuid sin d’Éirinn. Bhí baint aige le haistriú an Tiomna Nua go Gaeilge. Tá tagairt ag James Ware [q.v.] do lámhscríbhinn a aistriúcháin a bheith ar marthain go fóill lena linn féin, ach má bhí a leithéid ann tá sé imithe gan tuairisc ó shin. I 1587 rinneadh tagairt dá bhás.