NUINSEANN, Criostóir (1544–1602) Criostóir NUINSEANN 1544 1602 M Ollscoil Cambridge Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é seo an 14ú Barún Dealbhna. Tá cuntas mion air in Dictionary of National Biography. Teaghlach Normannach i nDealbhna, Co. na hIarmhí, ba ea na Nuinseannaigh. Is é atá sa lámhscríbhinn ‘An Duanaire Nuinseannach’ bailiúchán 49 dán, a bhformhór faoi Nuinseannaigh; dánta a scríobh Nuinseannaigh is ea an fuíollach; bhí an duanaire seo i seilbh na Nuinseannach le ceithre chéad bliain nuair a cheannaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann é i 1999. In Éigse, earrach 1940 (‘Nugentiana’) tá dán (‘Marbhnadh Bharúin Dealbhna Annso’) i gcló ag Éamonn Ó Tuathail[B2] i dtaobh Risteáird, athair Chriostóra, dán ar léir air go raibh seisean ina phátrún ag filí agus ceoltóirí: ‘I gCrích Chuinn is damhna déar / d’aos dána, d’aos téad na sgoth, / bás an fhir nár choigil maoin; / ní cneasda nár chaoin gach sgol.’ Deir Ó Tuathail: ‘Irish would have been the predominant language in the Marches, including Delvin, and no doubt was the first language Richard Nugent learnt to speak.’

Bhí an Risteárd sin (a d’éag 1559) pósta ar Elizabeth, an iníon ba shine ag an mBíocunta Gormanston. Bhí mac eile acu, Uilliam [q.v.], agus iníon. D’fhéach sé chuige, ní foláir, go mbeadh léamh agus scríobh na Gaeilge ag na mic. Ní raibh ach 15 bliain d’aois ag Criostóir nuair a tháinig sé i gcomharbacht a athar agus cuireadh faoi choimirce Iarla Sussex é. Cuireadh oideachas air in Clare Hall, Cambridge; chuir sé aithne ar an mBanríon Eilís nuair a thug sí cuairt ar an ollscoil i 1564. Chuir sí litir chuig an Tiarna Ionaid Sydney i 1565 á mholadh. ‘In return for, or in anticipation of these favours Christopher prepared for the Queen a primer of the Irish language, in the preface of which he commends “the desyer your Highnes hath to understande the language of your people”.’ (Ó Tuathail). Leabhar beag é seo atá scríofa go grástúil agus is é atá ann: litir i mBéarla chuig an mBanríon; réamhrá Laidine: aibítir na Gaeilge; focail agus frásaí i nGaeilge, i Laidin agus i mBéarla.

Bhí ag éirí go maith leis sa saol ar dtús agus phós sé Mary nó Marie Fitzgerald, iníon le Gearóid, an 11ú Iarla Chill Dara. Rugadh cúigear iníonacha agus seisear mac dóibh. Fuair sé tailte sa Longfort agus in Uíbh Fhailí. I 1565 thabhaigh sé cáil sa chogadh in aghaidh Sheáin Uí Néill an Díomais, rinne Sir Henry Sidney ridire de i nDroichead Átha, agus fuair sé léasanna ar thailte breise. Ach i 1571 dhiúltaigh sé a ainm a chur le forógra reibiliúin in aghaidh Iarla Dheasmhumhan agus thit drochamhras air as sin amach in ainneoin dearbhuithe dílseachta mar an ceann seo chuig an Tiarna Seansailéir i 1580: ‘I protest unto your Lordship there is nothing in this world whereof I make more account than that mine ancestors were never spotted in blood, and have always from the Conquest been servitors to the crown of England’ (i gcló ag Pádraig Ó Fágáin in Éigse na hIarmhí, 1985). Bhí sé chun tosaigh in agóid in aghaidh cánach; bhí sé dílis don seanchreideamh: bhí an ghráin aige ar an bPríomhghiúistis Sir Robert Dillon agus ar an bPríomhbharún Sir Lucas Dillon. Ba mhinic i ngéibheann é in Éirinn agus i Sasana ar an aon ábhar amháin nach raibh meas duine iontaofa air agus go bhfacthas don rialtas go raibh sé stuacach míshásta. B’éigean dó géilleadh d’Aodh Ó Néill i 1600. Cé nár léir gur chabhraigh sé le Ó Néill ar bhealach ar bith cuireadh tréas ina leith. D’éag sé agus é i ngéibheann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i 1602. Cuireadh i gCaisleán Deilbhne é.