NICOLSON, William (1655–1727) William NICOLSON 1655 1727 Plumbland, Cumberland, Sasana M Ollscoil Oxford scoláire polaiteoir easpag Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An t-easpag Protastúnach seo, ar pholamait é, a scríobh The Irish historical library: pointing at most of the authors and records in print or manuscript, which may be serviceable to the compilers of a general history of Ireland, 1724. Tá tagairtí ann do: Maghnas Ó Domhnaill [q.v.], Seathrún Céitinn [q.v.], Aodh Mac Cruitín [q.v.], Seán Mac Colgáin [q.v.], Edward Lhuyd [q.v.], Ruairí Ó Flaithbheartaigh [q.v.], John Lynch[q.v.], Risteard Pluincéad [q.v.], Richard Creagh [q.v.], John Richardson[q.v.], Thomas Messingham [q.v.], John Toland [q.v.] agus, gan amhras, luaitear leithéidí James Ware [q.v.] agus James Ussher [q.v.]. I mBaile Átha Cliath a foilsíodh an chéad eagrán sin agus tugadh an tríú heagrán amach i 1736 i Londain. Tá lua aige ar sheanleabhair na hÉireann – agus fiú ar Chaoilte Mac Rónáin! Chomh maith leis an stair anuas go dtí a aimsir féin tá stair aigeanta agus stair eaglasta i gceist aige. Cibé col a bhí aige leis an gcreideamh Caitliceach Rómhánach, ní mór a rá nach foláir nó bhí an leabhar seo ina chúnamh ag pobal an Bhéarla, é ina threoir do leabhareolas na hÉireann faoi mar a bhí i mbliain sin 1724. Bhí sé 68 bliain d’aois nuair a scríobh sé an litir tiomnaithe 30 Samhain 1723 agus faoin am sin ní raibh ach cúig bliana caite aige in Éirinn.

Tá cuntas ar a bheatha in Dictionary of national biography. Tá tagairtí ag Alan Harrison (Ag cruinniú meala: Anthony Raymond (1675–1726), ministir Protastúnach, agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, 1988) dá shaothar Éireannach; Raymond [q.v.] an tÉireannach ba mhó a thug cúnamh dó agus a d’aistrigh ón nGaeilge, le cur i gcló ina leabhar, an réamhrá a chuir Edward Lhuyd lena fhoclóir Gaeilge, rud nár admhaigh Nicolson. Is mar thoradh ar an staireolaíocht nua a fhéachann Harrison ar a shaothar Éireannach.

In Plumbland, Cumberland, a rugadh é Domhnach Cincíse 1655. Ministir ba ea a athair. Toghadh ina chomhalta d’Ollscoil Oxford é i 1679. An bhliain roimhe sin thug sé cuairt ar Leipzig chun Gearmáinis agus teangacha eile thuaisceart na hEorpa a fhoghlaim. Ba é a scríobh na cuntais ar an Danmhairg, an Iorua, an Pholainn agus an Íoslainn i gcomhair atlas Moses Pitt i 1680. Cheana féin bhí cáil air mar chompánach óil. Tar éis dó poist éagsúla eaglasta a bheith aige rinne easpag ar Carlisle de i 1702. Tugadh an gradam FRS dó i 1705.

Is í an tsraith Historical Library a mhórshaothar. Foilsíodh an trí imleabhar a bhain le Sasana 1696–99, agus cuid na hAlban i 1702. Ní dóigh go mbacfadh sé lena mhacasamhail a sholáthar i dtaobh na hÉireann murach gur ceapadh é ina easpag ar Dhoire i 1718. Deir an DNB i dtaobh a thamaill in Carlyle: ‘His tenure of the see was not uneventful, for Nicolson’s impetuosity involved him in perpetual warfare.’ Bhí de dhroch-cháil air in Éirinn gur dá ghaolta a thugadh sé arduithe céime. Tugadh ard-deoise Chaisíl agus Imligh dó in Eanáir 1727 ach d’éag sé den apaipléis 14 Feabhra na bliana sin sula bhféadfadh sé an t-aistriú a dhéanamh. Bhí sé pósta ar Elizabeth Archer ó Westmoreland agus bhí ochtar clainne acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »