MAC GIOLLA GHUNNA, Cathal Buí (c.1680–c.1756) Cathal Buí MAC GIOLLA GHUNNA c.1680 c.1756 M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In éineacht le Séamas Mac Cuarta [q.v.], Art Mac Cumhaigh [q.v.], agus Peadar Ó Doirnín[q.v.], áirítear é ar dhuine de na filí ba cháiliúla i gCúige Uladh lena linn. A phearsantacht aerach agus a shaol réiciúil, mar a léirítear sa bhéaloideas iad, an dán aoibhinn, ‘An Bonnán Buí’, agus, gan amhras, ‘Aithreachas Chathail Bhuí’ a thuilleann cáil mharthanach dó. Shíl Seosamh Mac Grianna (Pádraic Ó Conaire agus aistí eile, 1936) ‘An Bonnán Buí’ a bheith inchomórtais le ‘The Rubaiyat of Omar Khayyam’.

In Cathal Buí: amhráin (1975) tá a bhfuil d’eolas ar fáil faoi bailithe ag Breandán Ó Buachalla. Deir sé: ‘Ach maidir le heolas cruinn cinnte a chur ar fáil i dtaobh dátaí is dálaí a shaoil is measa an scéal aige siúd ná ag aon duine eile d’fhilí an 18ú céad. In aigne an phobail agus ar bhéalaibh daoine a mhair sé agus níor bacadh puinn le haon eolas ina thaobh a chur ar phár.’ Mionteaghlach i gContae Fhear Manach ba ea muintir Mhic Ghiolla Ghunna uair ach i ndiaidh an 17ú haois bhí an sloinne le fáil sa Chabhán agus i agus in iarthar Uladh. Toisc rud a dúirt Seosamh Laoide [B1] in 1905, nach raibh ann dáiríre ach tuairimíocht, tá glactha leis go coitianta gur i dTeallach Eachach, Co. an Chabháin, a rugadh Cathal. Ach dar le duine de na seanchaithe deireanacha i nGleann Gaibhle gurbh é Gleann Fearna i gContae Liatroma a áit bhreithe. Luaití Fear Manach agus Muineachán freisin. Tar éis dó tuairiscí an bhéaloidis agus eile a scagadh tá Ó Buachalla sásta gur sa chuid de Bhréifne a bhí i bhFear Manach a rugadh é ach gurbh i Liatroim agus sa Chabhán a chaith sé a óige agus cuid dá shaol. Tá Bréifne ag cuimsiú Liatroma agus an Chabháin agus, ó thaobh na litríochta de, cuid de Fhear Manach. B’fhéidir gur fíor go ndeachaigh sé le sagartacht agus gur chuir bean ar strae é - luaitear Caitlin Tiriall an amhráin - agus gur chaith sé saol drabhlásach as sin amach, é ag fánaíocht mar mhangaire ar fud Uladh, i dtuaisceart Chonnacht agus i dtuaisceart Laighean, in Oirialla go háirithe. Phós sé go minic. Dhealródh gurbh i bhFearnaigh, Co. Mhuineacháin, a chaith sé a bhlianta deireanacha. Is é an traidisiún gur sa tseanreilig i nDomhnach Maighean a cuireadh é agus deir Ó Buachalla nach foláir nó tá bun leis an traidisiún sin. In 1846 scríobh Nioclás Ó Cearnaigh [B6] go raibh sé marbh le timpeall nócha bliain agus go raibh aois mhór aige nuair a d’éag sé.

Tugtar an chreidiúint d’Ó Cearnaigh agus do Pheadar Ó Gealacáin [B6] gurb iad is mó faoi deara dánta Chathail a bhailiú. Ní féidir a leagan air ach 15 dhánta ar a mhéid. Fáth áirithe nár mhair cuimhne ar a shaothar i mBréifne féin go ndeachaigh briseadh an-tobann ar an traidisiún liteartha agus ar labhairt na Gaeilge ann de dheasca na bioblóireachta, dar le Ó Buachalla. Leagtar ‘Caitlín Tiriall’ go minic air. Tá leagan de i gcló ag Ó Buachalla ar an ábhar gur air a leagtar é ach deir sé faoin leagan a roghnaigh sé in Nua-Dhuanaire II (1976): ‘Is cinnte nach é [Cathal Buí] a chum é, ámh, agus b’fhéidir go dtéann an bunamhrán siar go dtí an 17ú haois.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »