MAC GABHRÁIN, Tomás (c.1640–1715) Tomás MAC GABHRÁIN c.1640 1715 M Proinsiasach diagaire scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é an Froinsiasach seo a d’aistrigh Specchio spirituale del principio e fine della vita humana (1595) le Angelo Elli. OFM go Gaeilge faoin teideal Sgathán spioradálta tuairim 1704; tá sé le fáil i gcúig cinn déag de lámhscríbhinní. Bhí an-tóir ar an saothar Iodáilise agus cuireadh 42 eagrán amach sular cuireadh san Index librorum prohibitorum é i 1714; b’fhéidir nár réitigh cibé piseogacht atá ann le teagasc Chomhairle Thrionta. Tá cuntas ag Anselm Faulkner OFM ar Mhac Gabhráin agus ar a aistriúchán i gcló in Breifne 4, uimh 3, 1970 (‘Thomas Magauran O.F.M. [c.1640–1715]’); bhí i gceist ag an scoláire sin an t-aistriúchán a fhoilsiú.

Bhí muintir Mhic Ghabhráin i réim i gceantar Theallach Eathach ón 13ú haois go dtí an 17ú haois. I gContae an Chabháin, i mBaile Mhic Shamhráin, b’fhéidir, a rugadh Tomás: in ionad Milano agus Cremona sa bhunsaothar is amhlaidh a chuir sé Baile Mhic Shamhráin agus Cnoc Ninnidh: ‘... dá mbiadh leathchroidhe an duine a mBaile Mhegabhráin agus an leathchroidhe oile a cCnoc Ninne, adeirim go ndéantar eiséirghe ... san áit is foigsi do shliabh Síon’. Is ar mhainistir sa Chabhán a ceapadh é ina ghairdian nuair ba ghnách gur ar choinbhint ina dhúiche féin a cheaptaí a leithéíd.

Is i leabhair aifrinn Choláiste San Isadóir sa Róimh faoin mbliain 1668 atá an tagairt is túisce dó; dúirt sé Aifreann go minic ann 1669–85. Is cosúil go raibh 16 bliain caite aige san Iodáil tar éis dó céim mháistir sa diagacht a bhaint amach. Ag pointe éigin bhí sé ina dhiagaire ag an gCairdinéal Facchinetti. Bhí sé ina ghairdian sa Choláiste 1681–84, tráth ba cheart de réir uainíochta gurbh é an t-ainmnitheach Ultach a cheapfaí sa phost sin. Roimhe sin, i 1679, nuair a bhí sé ina ghairdian ar mhainistir Capranica scríobh cuid de mhuintir na háite sin in aghaidh an post a bheith aige. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, ar eagla go n-athcheapfaí é, scríobh siad arís ina aghaidh gan fáth a míshásaimh a lua.

D’fhág sé slán leis an Róimh roimh dheireadh 1685 le dul go Sasana. Ghabh sé tríd an mBruiséil. Gearánadh é le rúnaí Propaganda Fide go ndearna sé rud éigin as bealach ach níl fáil anois ar cháipéis ina thaobhsan a cuireadh chuig nuinteas an Phápa i Londain. Shroich sé Londain i 1686 agus rinne iarracht ar shéiplineacht a fháil. Séamus II a bhí i gcoróin agus tugadh cead dó aifreann a rá i séipéal príobháideach na Banríona. Is é a theastaigh ón nuinteas go mbeadh sé ina rúnaí aige féin ó ba shagart cráifeach dúthrachtach, de réir dealraimh, a bhí ann. Ach dúirt Propaganda Fide leis gan é a mheas ar a chosúlacht agus d’ordaigh go rachadh sé go hÉirinn: is in aghaidh a thola a d’fhág sé cúirt an Rí i 1687. Is dá thoradhsan a chuir Propaganda Fide fainic ar uachtaráin Mhic Ghabhráin sa Róimh gan cead a thabhairt do shagairt a raibh drochamhras orthu moill a dhéanamh i Londain.

I Lúnasa 1687 ceapadh é ina sheanmóíri agus ina athair faoistine i Mainistir an Rois, Co. na Gaillimhe. Ní léir aon trioblóidí eile a thitim air as sin amach. Bhí sé ina ghairdian i nDroichead Átha faoí 1689, an post céanna aige sa Chabhán i 1697 agus arís i 1702. Sna blianta 1703-06 bhí sé ina custos sa chúige agus i 1714 ina ghairdian sa Srath Bán. Níl tagairt dó ina dhiaidh sin.