MAC DONNCHADHA, Toirdhealbhach óg (c.1640–1713) Toirdhealbhach óg MAC DONNCHADHA Toirdhealbhach Caoch Blind McDonagh c.1640 1713 An Ghraobhach, Co. Shligigh M dlíodóir file saighdiúir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Abhcóide, saighdiúir, file, pátrún ag filí agus seanchaithe. Meastar gurbh é an t-aon Chaitliceach amháin é a bhí ag feidhmiú mar abhcóide sna cúirteanna i rith na tréimhse 1691–1720. Sean Ó Donnabháin[B6] a dúirt sin i nóta in Annála Ríoghachta Éireann. Is beag má thug aon fhoclóir beathaisnéise aird air. Gheofar cuntas air ag J.C. McDonagh in Studies 36, 1947 (‘Terence MacDonagh: a great Catholic Lawyer’), ag T. O’Rorke in The history of Sligo: town and county, 1889, ag John McTernan in Here’s to their memory, 1977 agus ag Donal O’Sullivan in Carolan: the life times and music of an Irish harper, 1958.

B’as an gCraobhach, i bparóiste Chill Mhic Treana, Co. Shligigh, dó. Toirdhealbhach a bhí ar a athair agus tá seisean luaite i Leabhair Bhardas na Gaillimhe mar ‘baronial collector’ sna blianta 1654–56 (The celebrated antiquary ..., 1996 le Nollaig Ó Muraíle). Bhí Toirdhealbhach óg pósta ar Mary O'Rorke a bhí síolraithe ó Bhrian Ó Ruairc na Múrtha, agus ar neacht léi Mallaí Ní Ruairc, máthair Chathail Uí Chonchubhair [B6], Béal Átha na gCarr; is de bharr na cabhrach a fuair siad ó Thoirdhealbhach a d’éirigh leis na Conchubharaigh greim a choimeád ar 700 acra i mBéal Átha na gCarr.

Thugtaí Toirdhealbhach Caoch agus ‘Blind McDonagh’ nó an Cabhnsailéir air. Nil a fhios cén t-oideachas a cuireadh air. I 1689, bhí sé ina bhall de pharlaimint Shéamuis II thar ceann Shligigh agus bhí sé ina chaptaen i reisimint coisithe an Diolúnaigh in arm Shéamuis, é i gceannas ar gharastún i mBaile an Mhóta sula ndearnadh príosúnach de in aice le hInis Ceithleann i mBealtaine 1689. D’éirigh leis éalú, ní foláir, nó bhí sé i láthair ag cruínniú parlaiminte i mBaile Átha Cliath níos deireanaí an mhí sin. I ndiaidh 1691 lean sé air ag obair sna cúirteanna.

Scríobh sé aoir ar a dheartháir Eoin nuair a d’iompaigh seisean ina Phrotastúnach agus tá véarsa as i gcló ag Tomás Ó Rathile[B2] in Dánfhocail, 1921. In Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra, 1955 tá freagra aige ar véarsa a chuir Ó Gadhra[q.v.] chuige agus tá ceathrú eile ag Standish Hayes O’Grady[B2] in Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum, Vol. 1, 1926 (lch 618). Scríobh Ó Gadhra agus Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.] caointe air. D’fhanadh Ó Cearbhalláin agus an staraí Ruairí Ó Flaithbheartaigh[q.v.] ina theach. Bhí a neacht Dolly McDonagh ina cónaí ann agus scríobh Ó Cearbhalláin an t-amhrán ‘Réalta na Maidne’ uirthí (i gcló ag na Máilligh in Amhráin Chlainne Gaedheal, 1905). Tá scéal barúil ina taobh. Is cosúil gur d’fhear gan fortún dar sloinne Ó hEaghra a chum Cearbhallán é i dtreo go bhféadfadh an fear óg é a chanadh faoina fuinneog di. D’fhiafraigh Ó hEaghra ansin den Chabhnsailéir conas a bheadh sé, ó thaobh dlí de, dá bhfuadaíodh sé an bhean óg seo a raibh sé i ngrá léi. ‘Lig don bhean óg tusa a fhuadach agus bíodh an deabhal ag an dlí’ an chomhairle a chuir an fear mór air. An mhaidin dár gcionn chonacthas Dolly ag gríosadh a capaill le fuip agus fear óg ar a cúlaibh ag screadaigh ar Chríostaithe gan ligean di é a fhuadach. Deir O’Sullivan go bhfuil bailéad i dtaobh na heachtra i mbailiúchán Joly sa Leabharlann Náisiúnta. ‘The Young Squire, or the Counsellor outwitted’. D’éag an Cabhnsailéir i 1713 agus cuireadh é faoi thúr mhainistir Bhaile an Dúin i Sligeach.