MAC CÁBA, Cathaoir (fl.1700–1739) Cathaoir MAC CÁBA fl.1728–1739 An Mullach, Co. an Chabháin M ceoltóir file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

File, cruitire, cara le Cathal Ó Conchubhair[B6] agus le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.]. I bparóiste an Mhullaigh, Co.an Chabháin, a rugadh é agus is i gCillín Chéir, paróiste atá teorainneach leis an Mullach, atá sé curtha. Ba é a chum an marbhna ar Chearbhallán a chuir Charlotte Brooke[B6], James Hardiman[B6], Thady Connellan[B6], Seosamh Laoide[B1] agus George Sigerson[B1] i gcló. Ag Donal O’Sullivan (The Life Times and Music of an Irish Harper, 1958) atá an cuntas is faide air, cé go mbaineann an chuid is mó de leis na cleasanna magaidh a d’imríodh an bheirt cheoltóirí ar a chéile agus leis an imeartas focal a dhéantaí ar a ainm agus ar a shloinne (mar shampla ‘Tá m’ainm faoi mo thóin agus mo shloinne idir mo dhá shlinneán’). Glactar leis gurbh ó Chontae an Chabháin dó. Cé gur chruitire é agus gurbh fhearr d’fhile é, b’fhéidir, ná Cearbhallán, níor chum sé ceol. Tá beagán dá dhánta, na cinn a raibh baint ag Cearbhallán leo, i gcló ag Tomás Ó Máille[B3] in Amhráin Chearbhalláin, 1916. Liostaíonn O’Sullivan na lámhscríbhinní sa Leabharlann Náisiúnta agus san Acadamh Ríoga a bhfuil cibé eile dá dhánta iontu. Tá na véarsaí sciolladóireachta a cheap siad ar a chéile in eagar ag O’Sullivan. Is é an cleas magaidh a d’imir Mac Cába ar Chearbhallán ba chúis leis an marbhna a chum seisean air; casadh ar a chéile iad in aice le reilig Fhíonach i Liatroim agus ní raibh a fhios ag Cearbhallán cé a bhí aige agus d’fhiafraigh de cad iad scéala na dúiche. D’fhreagair Cathaoir go rabhthas faoi bhrón i ngeall ar bhás an chruitire shiúlaigh Cathaoir an tsiansa Mac Cába. Threoraigh sé an dall chun na huaighe agus is ann a chum Cearbhallán an marbhna a bhfuil eolas go forleathan ar véarsa de: ‘Ní cathaoir mar chathaoir an Cathaoir fó gcaoinim, / Ach Cathaoir ba thaitneamhaí ná cathaoir na ríthe. / Níor shuígh Cathaoir i gcathaoir ó chaitheamh an díle / Ba thaitneamhaí ná mo Chathaoir, ‘sé Cathaoir a “tsians” é’. Ba dhóigh le James Hardiman (Irish Ministrelsy..., 1831) gur mhair sé tamall fada i ndiaidh Chearbhalláin, gur shaothraigh sé a bheatha mar mhúinteoir agus go bhfuair bás agus é ar an ngannchuid.