Is uaidh a fuair Michél Ó Cléirigh pátrúnacht chun ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ a scríobh i 1630. Tá cuntas ar a mhuintir ag Kenneth Nicholls in The Irish Genealogist, 1983 (‘The MacCoghlans’) agus tugann sé ‘a remarkable and successful man who played a prominent part in the affairs of his day’ ar Thoirdhealbhach; feisire Parlaiminte ba ea é. Tá tíolachadh Genealogiae Regum et Sanctorum Hiberniae, agus ainmneacha na gCeithre Máistrí leis, i gcló ag Pól Breathnach in Archivium Hibernicum V, 1916 agus tugtar ann a ghinealach siar go hÁdhamh, 126 glún; fág ar leataobh na glúnta roimh Mhíl Easpáinne, tá léirithe ag Nicholls go ndeachaigh na Ceithre Máistrí amú go minic! Bhí Ó Cléirigh tar éis iarraidh ar uaisle eile cabhair a thabhairt ach níor aimsigh sé ach an t-aon duine amháin ‘a bhí fonnmhar chun cuidithe leis ionnus go rachadh i nglóir Dé, in onóir do na naoimh, don ríocht agus i leas anma dó féin’. Ba é a athair Séamus Óg, ar leis dúiche Chionn Chora in Uíbh Fhailí / Iarmhí. Tugadh pardún dó i 1590. Méabh, iníon le Seán Ó Maonaigh, Eiscir an Chaisleáin, Co. Uíbh Fhailí, a mháthair. Meastar gur dheirfiúr í le Donnchadh Ó Maonaigh OFM, gairdian Choláiste San Antaine i Lováin. Bhí duine de dheirfiúracha Thoirdhealbhaigh pósta ar Chonall Mac Eochagáin a d’aistrigh Annála Chluain Mhic Nóis dó. Tuairimíonn Nicholls gur chol ceathracha iad freisin. Deir Terence McCaughey (Dr. Bedell and Mr. King: the Making of the Irish Bible, 2001): ‘Toirealach Mac Cochláin had been involved in a good deal of land-conveyancing and may be assumed to have been more comfortable in the reading if not writing of English than in the reading of his own language.’ Nuair a plandáladh Dealbhna Mhic Chochláin i 1622 fuair sé an chuid is mó den talamh i gceantar Chill Cholgan in Uíbh Fhailí. Bhí talamh aige i Ros Comáin agus i nGaillimh freisin. Leagadh fothrach a thí i gCill Cholgan i 1954; deir Nicholls gurbh é a bhí ann ‘an example of that national spirit of vandalism and contempt for the monuments of the past which have made us the shame of Europe.’

Bhí sé pósta ar Mary Dillon, iníon le Roger Dillon. Baile an Chaonóraigh, Co. na hIarmhí, agus baintreach Edmund Dillon. Rinne sé uacht ar 1 Aibreán 1653 agus d’iarr go gcuirfí lena mhuintir é i gCluain Mhic Nóis. Gairid ina dhiaidh sin d’imigh sé thar loch amach go Flóndras agus fuair bás mar chaptaen in arm na Spáinne tamall roimh Oíche Nollag na bliana céanna. Tar éis a bháis aistríodh a bhaintreach go Connachta. Bhí a mhac agus a oidhre Proinsias ina chaptaen san arm céanna agus d’éirigh leis-sean greim a fháil arís i 1663 ar thalamh a athar.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú