DE BUITLÉAR, Mairéad [de Búrca] [an Bhantiarna Uíbh Eachach] (c.1670–1744) Mairéad DE BUITLÉAR Mairéad de Búrca an Bhantiarna Uíbh Eachach c.1670 1744 F Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Seo í Lady Iveagh’ nó an ‘deighbhean’ a luaitear in ‘Cill Chais’, amhrán a bhfuil eolas ag an saol air. Tá cuntais uirthi: ag Dáithí Ó hÓgáin in Duanaire Thiobraid Árann: Cnuasach d’fhilíocht na ndaoine ó oirdheisceart an chontae, 1981; ag J.F. McCarthy in Romantic Slievenamon in History, Folklore and Song: a Tipperary Anthology, 1954 in eagar ag James Maher; ag Eoghan Ó Néill in Gleann an Óir: Ar thóir na Staire agus na Litríochta in Oirthear Mumhan agus i nDeisceart Laighean, 1988. Ba é Uilliam de Búrca. Iarla Chlann Riocaird, a hathair agus ba í Héilín Nic Cárthaigh, iníon Iarla Chlann Chárthaigh, a máthair. Phós sí faoi dhó. Seacaibítigh an bheirt fhear: Brian Mac Aonghusa, an 1ú Bhíocunta Uíbh Eachach, a throid i gCath na Bóinne, a bhí in arm na hOstaire tamall an-ghairid sular éag sé i 1692; an Coirnéal Tomás de Buitléar a phós sí i gcúirt Shéamuis II in Germaine-en-Laye, an fear b’athair dá triúr mac agus dá cúigear iníonacha, agus a d’éag 1738. Fuair sí féin bás 19 Iúil 1744. Ní hí an chuid is lú spéis ina taobh an gaol fola agus cleamhnais a bhí aici leis na daoine ba mhó cáil lena linn agus ina diaidh. Eoghan Ó Néill is fearr a thugann léargas ar na craobhacha casta ginealaigh sin. Bhí sí féin síolraithe ó Bhuitléaraigh Urmhumhan. Chum Aogán Ó Rathaille[q.v.] dán ar phósadh a hiníne Honora ar Vailintín Brún, Tiarna Cheann Mara. Bhí a deirfiúr pósta ar Phádraig Sáirséal ar dtús agus ansin ar an Marascal Diúc de Berwick, duine den chlann mhídhlisteanach a bhí ag Séamus II agus Arabella Churchill, deirfiúr Dhiúc Marlborough.