Seo í Lady Iveagh’ nó an ‘deighbhean’ a luaitear in ‘Cill Chais’, amhrán a bhfuil eolas ag an saol air. Tá cuntais uirthi: ag Dáithí Ó hÓgáin in Duanaire Thiobraid Árann: Cnuasach d’fhilíocht na ndaoine ó oirdheisceart an chontae, 1981; ag J.F. McCarthy in Romantic Slievenamon in History, Folklore and Song: a Tipperary Anthology, 1954 in eagar ag James Maher; ag Eoghan Ó Néill in Gleann an Óir: Ar thóir na Staire agus na Litríochta in Oirthear Mumhan agus i nDeisceart Laighean, 1988. Ba é Uilliam de Búrca. Iarla Chlann Riocaird, a hathair agus ba í Héilín Nic Cárthaigh, iníon Iarla Chlann Chárthaigh, a máthair. Phós sí faoi dhó. Seacaibítigh an bheirt fhear: Brian Mac Aonghusa, an 1ú Bhíocunta Uíbh Eachach, a throid i gCath na Bóinne, a bhí in arm na hOstaire tamall an-ghairid sular éag sé i 1692; an Coirnéal Tomás de Buitléar a phós sí i gcúirt Shéamuis II in Germaine-en-Laye, an fear b’athair dá triúr mac agus dá cúigear iníonacha, agus a d’éag 1738. Fuair sí féin bás 19 Iúil 1744. Ní hí an chuid is lú spéis ina taobh an gaol fola agus cleamhnais a bhí aici leis na daoine ba mhó cáil lena linn agus ina diaidh. Eoghan Ó Néill is fearr a thugann léargas ar na craobhacha casta ginealaigh sin. Bhí sí féin síolraithe ó Bhuitléaraigh Urmhumhan. Chum Aogán Ó Rathaille dán ar phósadh a hiníne Honora ar Vailintín Brún, Tiarna Cheann Mara. Bhí a deirfiúr pósta ar Phádraig Sáirséal ar dtús agus ansin ar an Marascal Diúc de Berwick, duine den chlann mhídhlisteanach a bhí ag Séamus II agus Arabella Churchill, deirfiúr Dhiúc Marlborough.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú