Ó MURCHAIDH, Art Mór (–1844) Art Mór Ó MURCHAIDH 1844 M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Journal of Co. Louth Archaeological and Historical Society, 1987 (‘Art Murphy and Gaelic Literary Activity in the Dundalk area in the 1820s’) agus san iris chéanna in 1988 (‘Antiquarianism and Gaelic Revival in Co. Louth in the Pre-Famine era’) déanann Seán Duffy cur síos ar an bhfile seo a bhí lárnach sa bhorradh a tháinig i saothrú na Gaeilge i gceantar Dhún Dealgan lena linn. ‘Grottoplace Castle’ a thugtaí go magúil ar an mbothán i mBaile Thomáis mar a raibh cónaí air agus thugtaí ‘Grottoman’ air féin. Bhí sé gar don áit ar tógadh Nioclás Ó Cearnaigh [q.v.] ann. Is cosúil go raibh scoil scairte aige agus, b’fhéidir, feirm bheag. Ach níorbh aon gnáthmháistir scoile é: chothaíodh sé léann na Gaeilge sa cheantar agus d’eagraíodh iomarbhánna filíochta. I measc a dhaltaí bhí Ó Cearnaigh agus Mathew Moore Graham [B1]. Imeachtaí foirmiúla a bhí ar siúl ag an ngrúpa seo agus cheartaíodh Art na hiarrachtaí fileata.

File aitheanta agus aorthóir a bhí ann féin agus d’fhoilsigh Duffy roinnt dá dhánta den chéad uair in Journal of the Co. Louth Archaeological and Historical Society, 1987. Ba dhuine de bhunaitheoirí an Drogheda Gaelic Society (Hibernian Gaelic Society) é. Deir Duffy faoin gcumann: ‘ . . . its members—his “disciples” as he liked to call them—spent their time in literary and antiquarian pursuits, everything from Phoenician origin-myths and Milesian pseudo-history, to pedantic exercises in Ogham and etymological expositions worthy of Vallancey[q.v.], to learning the craft of manuscript transcription and the poetry of Ó Doirnín.’ Ba iad a mhol sna 1930idí go bhfoilseofaí ‘Bardic remains of County Louth’ .

Cailleadh é idir Márta 1843 agus Iúil 1844: scríobh sé litir chuig Charles Gavan Duffy am éigin roimh 2 Márta 1843 agus ar 26 Iúil 1844 thagair Ó Cearnaigh do ‘my ever to be lamented friend’. Níor fhéad Énrí Ó Muirgheasa [B1] teacht ar aon eolas faoi nuair a chuir sé ceist ar mhuintir cheantar Bhaile Thomáis go luath san fhichiú céad.