Ó hIFEARNÁIN, Liam Dall (c.1720–c.1803) Liam Dall Ó hIFEARNÁIN c.1720 c.1803 Laitean, Co. Thiobraid Árann M Scoil scairte file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Le cabhair Liam Uí Chatháin[B4] bhailigh Risteárd Ó Foghludha [B1] a raibh de sheanchas i dtaobh an fhile seo i measc sheandaoine Shrónaill agus Laitin i dTiobraid Árann agus d’fhoilsigh é in Ar Bruach na Coille Móire: Liam Dall Ó hIfearnáin (?1720-1803), 1939. In Dúchas 1986-1989, 1990 in eagar ag Liam Prút tá dhá aiste shubstaintiúla: ‘Saothar Liam Dhaill Uí Ifearnáin’ le Liam Prút; ‘Liam Dall sa Seanchas’ le hÉamonn Ó hÓgáin. Dearbhaíonn Ó Foghludha gur ‘i Laitean a rugadh é, gur i Laitean a fuair sé foghlaim, gur i Laitean a cuireadh é, agus gur taobh istigh de theorainn aon pháirc amháin i Laitean a ráinig na cúrsaí sin uile.’ Bhí feirm bheag ag a athair. Ba de mhuintir Áinle a mháthair ach fuair sise bás nuair a bhí Liam an-óg Deir Vincent Morley (DIB) go bhfuil sé sa traidisiún áitiúil gur phós a athair deirfiúr le Seán Clárach Mac Domhnaill nuair a cailleadh a chéad bhean arbh í máthair Liam Dall í. Cuireadh Liam chuig scoil scairte a bhí á reáchtáil ag máistir ó Chorcaigh darb ainm Vailintín de Róiste agus is ann a d’fhoghlaim sé Laidin agus Gréigis, más fíor. Is cosúil gur fhoghlaim sé an veidhlín. Deir Prút go bhfuil sé sa bhéaloideas go seinneadh sé ar an bpíb freisin. Níor phós sé. Deirtear go raibh scoil aige ach tá sé deacair a shamhlú go bhféadfadh dall a bheith ag teagasc na ngnáthábhar scoile san am sin. Chun teacht timpeall ar an bhfadhb seo, agus in ainneoin é a bheith i seanchas na háite go raibh sé dall ón mbroinn, deir Ó Foghludha: ‘Ní fios dúinn ná gur ailbíneach a bhí ann ina óige—is minic a bheirid lucht tuaithe “dall” ar dhuine den tsórt san.’ Agus deir sé arís: ‘Ach bíodh gur dhuine é a bhí, mar a deir sé féin, “caoch gan amharc”, bhí ar a chumas cabhrú, ar chuma éigin nach léir dúinne, le lucht treortha scoile, agus is dócha go raibh beagfháltas ag dul dó ó Vailintín de Róiste agus ó scoil-oidí eile.’ Pléann Ó hÓgáin na leaganacha éagsúla sa seanchas ar scéal na daille, ar an gcaidreamh a bhí aige le Seán Clárach agus le Déamar agus deir sé: ‘Tá sé soiléir gurbh é a tharla gurbh amhlaidh a ghabh Liam Dall chuige i seanchas na ndaoine tréithe agus eachtraithe a bhain leis an bhfile Gaelach i gcoitinne. Pearsa béaloidis é.’

Cromailigh sa cheantar, a raibh an talamh go léir acu agus saibhreas do-áirithe, ba ea: Joseph Damer (1628–1720); a nia John Damer, cníopaire, a tháinig i gcomharbacht air, a d’éag i 1768 agus a cuireadh i Srónaill; a gharnia, John Damer eile, a scaip an t-ór a bhí cnuasaithe ag an gcníopaire agus a chuir lámh ina bhás féin i Londain 15 Lúnasa 1776. Is faoin duine deiridh sin a chum Liam an caoineadh, mar dh’ea, ‘Mo Mhíle Brón-Chreach’. Scríobh Liam Ó Catháin triológ úrscéal faoin mbaint a bhí ag an bhfile leis an gcníopaire (Ceart na Sua, 1964; Ceart na Bua, 1968; Ceart na hUaighe, 1986).

Is iad na dánta is aitheanta dár chum an tIfearnánach: ‘Uaillghuth an aoibhnis’, ‘Pé in Éirinn í’ agus ‘Caitlín Ní Uallacháin’. Deirtear gurbh é ba thúisce a thug ‘Caitlín Ní Uallacháin’ ar Éirinn. Níor mhair dá dhéantús, dar le Ó Foghludha, ach tuairim ocht ndán déag. Comhartha gur scríobh sé níos mó ná sin is ea an t-aistriúchán le James Clarence Mangan, ‘Welcome to the Prince of Ossory’ (‘From the Irish of William Heffernan the blind’) agus nach bhfuil tuairisc anois ar an mbundán. Agus déanann Prút cur síos ar phéire eile dán atá i gcló in Tipperary History and Society, 1985 (in eagar ag William Nolan) agus ar dhánta eile ar féidir iad a leagadh air. Chum Liam cuid acu faoin ainm ‘Abson’ le linn dó a bheith i gCorcaigh. Deir Prút: ‘Tuigfear gur tábhachtaí go mór fada an file é Liam Dall Ó hIfearnáin ná a measadh go dtí seo má mheabhraítear feasta nach scór dán a chaithfear a lua leis ach sé dhán agus tríocha ar a laghad.’ Agus is dóigh leis gur mó atá fianaise inmheánach an dáin féin agus fianaise eile á insint dúinn gurbh é an Dall agus nárbh é Seán Clárach Mac Domhnaill a chum ‘Ar bhás Dawson’.

Bhí an file an-bhocht sa deireadh agus chuaigh sé chun cónaithe le fear gaoil leis, Otto Ó hIfearnáin i gClais Eibhlín, Laitean, agus meastar gur in uaigh in aice le huaigh mhuintir Otto i reilig Laitin atá sé curtha. I 1984 nuair a thit seanchrann i bpáirc in aice na reilige dúradh gur faoin gcrann sin a bhí an scoil ag an dall.