Ó DOMHNAILL, Seán (c.1780-c.1850) Seán Ó DOMHNAILL c.1780 c.1850 Áth Leacach, Co. Luimnigh M gréasaí scríobhaí file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas air, chomh maith le leathdhosaen dá dhánta, ag Mainchín Seoighe in Cois Máighe na gCaor, 1965, agus tugann an t-údar sin ‘an duine deireanach d’fhilí Gaeilge Chois Máighe’ air. Scríobhaí ba ea é freisin agus is mar ghréasaí a thuilleadh sé a bheatha. In Áth Leacach, Co. Luimnigh, mar ar chuir a mhuintir fúthu tar éis Chonradh Luimnigh, a rugadh é is a chaith sé a shaol. Is dóigh leis an Seoigheach gurbh eisean an gréasaí sin dar sloinne Ó Domhnaill a fuair ordú ó thíoránach de thiarna talún, John Ormsby, a theach a leagan láithreach bonn i ngeall ar dheatach a séideadh isteach ina pharlús. ‘Is maith é Dia go dtí amárach’, arsa an gréasaí. Fuair Ormsby bás i rith na hoíche agus cumadh bailéad Béarla i dtaobh na heachtra. Luaitear an file seo in aon anáil le Séamas Ó Caoindealbháin [q.v.] agus Eoghan Caomhánach [q.v.]. B’eol do Sheán Ó Dálaigh [q.v.] agus Standish Hayes O’Grady [B2] a ainm. Thuairimigh Ó Dálaigh gurbh é a chum an t-amhrán ‘An Carabhat’ (‘Is fada atá fuaim ag gluaiseacht eadrainn’), agus ba dhóigh leis an nGrádach gurbh aige a d’fhan scríbhinní Aindriais Mhic Chraith [q.v.]. Deirtear freisin go raibh lámhscríbhinní le Seán Clárach Mac Domhnaill aige. Bhí sé ar dhuine de na filí ar iarr Uilliam Mac Gearailt [q.v.], sagart paróiste an Chaisleáin Nua Thiar, orthu cabhrú leis sa troid in aghaidh na ‘New Lights’. An dornán beag dá dhánta atá ar marthain fuair an Seoigheach iad i lámhscríbhinn sa Leabharlann Náisiúnta. Deir sé gur chaith an duine deireanach de mhuintir Uí Dhomhnaill in Áth Leacach, bean a bhí ag dul isteach i gclochar tuairim 1900, gur chaith sí cibé lámhscríbhinní Gaeilge a bhí fágtha isteach sa tine.