Tá cur síos ag Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 ar na litreacha a scríobh Fionán Mac Coluim chuig an múinteoir taistil seo idir 1905 agus 1921 agus ar an gcaidreamh a bhí aige féin leis. I nDroim na Daoile i gceantar an Chaisleáin Nua Thiar, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 14 Deireadh Fómhair 1877. I nDaonáireamh 1901 is ann a bhí cónaí ar Cornelius Corbett (64), feirmeoir, agus a bhean Anne McEniry (53), a mbeirt mhac agus a gcúigear iníonacha. Ba é Tomás (23) an mac ba shine agus ‘mac feirmeora’ an ghairm bheatha a bhí aige; ag na tuismitheoirí agus ag Tomás amháin a bhí Gaeilge. I 1911 is ar Thomás a thit sé an fhoirm a líonadh, tharla a athair a bheith marbh, agus is i nGaeilge atá sé. Dúradh an babhta seo gur Béarla amháin a bhí ag an máthair, ach go raibh sí ag an gceathrar a bhí sa teach an oíche sin, a dheartháir agus triúr de na deirfiúracha. ‘Oide Gaeilge’ a chuir sé síos mar ghairm. D’fhreastail sé ar scoil i gCaisleán Maí Tamhnach, scoil ina raibh máistir cáiliúil dar sloinne Ó Ceallacháin. Cheap Conradh na Gaeilge ina mhúinteoir taistil é. Cairt agus capaillín spáinneach nó jennet an córas taistil a bhí aige ar dtús agus rothar ina dhiaidh sin. Meabhraíodh do léitheoirí an Limerick Leader 29 Nollaig 1962 gurbh é an rothar a rogha córais taistil go deireadh a shaoil. I 1905 thosaigh sé ag múineadh sa choláiste i Lios Tuathail agus i gcraobhacha i Mainistir na Féile, Teampall an Ghleanntáin, Feothanach agus Craobh Mhathúnaigh. Fuair sé post faoin gcóras gairmoideachais agus bhí ag múineadh i Mainistir na Féile, i gCnoc an Doire agus sa Chaisleán Nua Thiar. Ba é Cathal Brugha a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é agus chaith sé tamall i bpríosún i ndiaidh Éirí Amach 1916. Tá na litreacha a sheol Fionán Mac Coluim chuige sa Leabharlann Náisiúnta (MS G672). Ina measc tá litir a thugann le fios nár íocadh aon tuarastal dó i 1922. Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge sna daicheadaí. Scríobhadh sé ailt Ghaeilge in Limerick Leader. D’éag sé Lá Nollag 1962. Tá scoil an Choiste Gairmoideachais sa Chaisleán Nua ainmnithe as, Coláiste Uí Chonbá. (Eolas óna nia Eamonn Corbett i nDroim na Daoile).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú