Ó SÚILLEABHÁIN, Muircheartach [Murtaí Ó Súilleabháin “Larry”] (1817–1905) Muircheartach Ó SÚILLEABHÁIN Murtaí Ó Súilleabháin “Larry” 1817 1905 An Bunán, Co. Chiarraí M file siúinéir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa Bhunán i gCiarraí a rugadh an file tuaithe seo. I nDaonáireamh 1901, is i nDrom Buachalla, paróiste Thuath Ó Siosta, a bhí cónaí air. Bhí sé 80 bliain d’aois, más fíor, agus bhí in aontíos lena mhac John agus a chlannsan. Bhí seachtar dá gharchlann sa teach; Béarla amháin a bhí ag an dream ab óige díobh agus bhí Gaeilge agus Béarla ag an triúr ba shine. An mac a líon an fhoirm agus ‘Poet’ a bhí scríofa aige mar shlí bheatha Mhortaí. Rinneadh iarracht sin a ghlanadh amach agus ‘carpenter’ a scríobh ina ionad. Thug sé an fhilíocht leis óna mhuintir, na ‘Larrys’. Reachtaireacht feirme an gnó a bhí acusan ach siúinéir ba ea Murtaí. Phós sé baintreach i nDrom Buachalla agus is ann a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol. Tá dánta Gaeilge Mhurtaí bailithe ag Seán Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chomhursain (1937). I 1930, cuireadh suas leac mar chuimhneachán ar Dhiarmuid (d’éag 1846) agus Murtaí i dTeampall Chill Macallóg mar a bhfuil siad curtha. Deir Seán Ó Súilleabháin gur chaith Murtaí tamall i bpríosún ‘i dtaobh batarála áirithe’ agus gur chum sé amhrán i mBéarla, An Veistín Liath, i dtaobh na heachtra. Bhíodh Murtaí agus Risteard Ó Sé, nia le Diarmuid na Bolgaí, ag scóladh a chéile le véarsaí agus deireadh Murtaí mar mhagadh gurbh fhearr leis nach in aon reilig lena chéile comhraic agus a uncail a chuirfí é féin. Bheidís anuas air! D’éag sé ar 17 Márta 1905.