Seandálaí agus eolaí ba ea an 3ú hIarla seo. Tá cuntas air in Dictionary of National Biography. Tá ríofa ag Mainchín Seoighe in Cois Máighe na gCaor, 1965 an chaoi ar bhunaigh Donncha Ó Cuinn ó Chontae an Chláir an t-uasteaghlach sin in Áth Dara sa dara leath den 17ú haois. Rugadh é ar 19 Bealtaine 1812 agus ba é an t-aon mhac é ag an dara hIarla Dunraven agus Caroline Wyndham arbh as Glanmorganshire di. Mar mhac an Iarla bhí an teideal Bíocunta Átha Dara aige. Fuair sé oideachas i gColáiste na Tríonóide agus bhí ina theachta parlaiminte ag an bPáirtí Coimeádach thar ceann Glanmorganshire in 1837-51. Bhí spéis aige in obair oideachais agus iompúcháin an Irish Society agus ina raibh ar bun ag Tomás Ó Muircheartaigh i gCeann Trá, Co. Chiarraí. Bhí sé bainteach leis an Oxford Movement, cé gur chuid den Phrotastúnachas Soiscéalach an Irish Society. Tuigeadh dóibh an géarghá a bhí le cléir le Gaeilge chun Caitlicigh a mhealladh chuig an gcreideamh bunaithe. Bhuail sé le William Sewell in 1839 agus bhí gníomhach i mbunú Choláiste Choilm, Ráth Fearnáin. Bhí sé ina Choimisinéir um Oideachas Náisiúnta ar ball.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Irish Archaeological Society, an Celtic Society, agus bhí ina bhall den Cumann Oisíneach. Ba bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann é ó 1830. Bhí sé gafa le seandálaíocht na hÉireann agus deirtear gur thug sé cuairt ar gach barúntacht in Éirinn agus ar an gcuid is mó de na hoileáin. Ba mhinic an Dr William Stokes agus a iníon Margaret Stokes in éineacht leis agus bhíodh fear ceamara leis de ghnáth. Ba í Margaret a chuir eagar ar Notes on Irish Architecture, a foilsíodh i ndiaidh a bháis. Chuir George Petrie agus William Reeves nótaí leis agus bhí léaráidí ag Petrie, W. F. Wakeman agus Margaret Stokes ann. In The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 in eagar ag T. Ó Raifeartaigh, tá trácht ag Gorden L. Herries Davies ar a thaithí ar réadlanna agus deir: ‘He pursued his studies at the telescopes with such intensity, however, that he evidently damaged his vision. The plans for an Adare observatory had to be abandoned and Lord Dunraven instead devoted his life to the ocularly less demanding subject of archaeology.’ Sa leabhar céanna deir G. F. Mitchell: ‘Petrie wrote frequently and voluminously to Lord Adare, and also stayed with him, and it is tempting to think that he might have been supported by Adare, who was a very wealthy man as well as being a distinguished antiquary and prominent member of the society.’

Bhí sé pósta faoi dhó. Ba í Augusta Goold a chéad bhean agus i ndiaidh a báis phós sé Anna Lambert. D'éag sé ar 6 Deireadh Fómhair 1871. Bhain a mhac, an ceathrú hIarla, Windham Thomas Wyndham-Quin (1841-1926), clú amach mar luamhaire, mar mharcach, agus i ngeall ar a shaol eachtrúil. Tuairisceoir cogaidh ba ea é. Ghlac sé páirt ghníomhach i saol na hÉireann agus ainmníodh do Sheanad Éireann é i 1922.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú