SEWELL, William (1804-1874) William SEWELL 1804 1874 Newport, Sasana Manchain, Sasana M Winchester College, Sasana Ollscoil Oxford ministir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Seo é an duine is mó a luaitear le bunú Coláiste Choilm. Is cuntas ar a bheatha A Forgotten Genius: Sewell of St Columba’s and Radley, 1945 le Lionel James. Tá eolas gan amhras in A History of St Columba’s College, 1981 le G. K. White agus ba é Norman Moore[B2] a scríobh an cuntas in Dictionary of National Biography. I Newport, Inis Iocht, a rugadh é ar 23 Eanáir 1804. Ba iad Thomas Sewell agus Jane Edwards a thuismitheoirí. Tar éis scolaíochta in Winchester chuaigh sé go Coláiste Merton, Oxford. Oirníodh é in 1830. Bhí poist éagsúla aige sa choláiste agus cáil air mar theagascóir. In 1839, casadh air an Bíocunta Áth Dara (Edwin Richard Wyndham-Quin [q.v.]), fear a raibh spéis aige féin agus ag deartháir a chéile, William Monsell, in obair oideachais agus iompúcháin an Irish Society agus ina raibh ar bun ag Tomás Ó Muircheartaigh[q.v.] i gCeann Trá, Co. Chiarraí. Bhí an bheirt acu bainteach leis an Oxford Movement; ba chuid den Phrotastúnachas Soiscéalach an Irish Society. Tuigeadh dóibh an géarghá a bhí le cléir le Gaeilge chun Caitlicigh a mhealladh chuig an gcreideamh bunaithe. Chaith Sewell Iúil-Meán Fómhair 1840 ag taisteal in iarthar na hÉireann féachaint conas a bhí ag éirí ann le hobair an iompúcháin. Tuairimíonn White gurb é Sewell a chéadmhol go mbunófaí ‘a good classical school on public school lines, with the addition of the study of Irish, and to place at its head a collegiate body’. Bhí trí aidhm acu: daoine a iompú trí mhinistirí le Gaeilge a chur ar fáil; Gluaiseacht Oxford a chur chun cinn; scoil chlasaiceach mar EtonWinchester a bhunú. Áirítear James Henthorn Todd[q.v.] i measc na mbunaitheoirí freisin. Bailíodh airgead agus cinneadh in 1843 ar Stackallen House, seacht míle ón Uaimh, mar fhoirgneamh scoile. Ba é Denis Coffey, mac léinn i gColáiste na Tríonóide, a roghnaíodh mar mhúinteoir Gaeilge. Bhí Robert King[q.v.] ar an bhfoireann freisin. Todd, is dóigh, a roghnaigh ainm an choláiste. Osclaíodh é in Aibreán 1843.

Thuig Sewell tábhacht na teanga. I léacht in 1872 dúirt sé: ‘It was to be a school where the Irish clergy might acquire that engine of infinite and magical power over the minds of the Irish peasantry—the Irish language.’ Bhí plean eile a tharraing i dtrioblóid iad. In Eanáir 1845 chuir an tUrramach William Allen Fisher[q.v.] seisear buachailíl óna pharóiste chucu. Caitlicigh ba ea iad ach bhí a muintir sásta ligean dóibh freastal ar scoil Phrotastúnach. Bhí siad ar bheagán Béarla. Is é a bhí i gceist go ndéanfadh siad obair mar shearbhóntaí, go mbeadh Gaeilge á labhairt acu agus go mbeadh idir oideachas, bhia agus lóistín le fáil acu. Is cosúil go ndearnadh éagóir orthu; is ar an gcoláiste a bhí an locht nár tugadh scolaíocht dóibh. Ba é leithscéal a gabhadh nach raibh fáil ar mhúinteoir oiriúnach. In ainneoin impí a rinne Fisher ar a son cuireadh abhaile iad i mí Dheireadh Fómhair.

Scar Sewell leis an gcoláiste in 1845. Bhí sé soiléir le tamall go raibh bá ag Áth Dara agus Monsell leis an eaglais Chaitliceach agus theastaigh uaidh go n-éireodh siad as an mbord stiúrtha. Sa deireadh d’éirigh an bord go léir as agus ceapadh iontaobhaithe ina n-áit. D’fhill Sewell ar Shasana. Deir Norman Moore gur fhág sé fiacha ar an gcoláiste ach deir White nach bhfuil bunús leis sin, nach faoina chúram riamh a bhí cúrsaí airgid. D’fhoilsigh sé a Journal of a Residence at the College of St. Columba in Ireland, 1847.

Bhunaigh sé Coláiste Naomh Peadar, Radley, in 1847 agus bhí sé ina bhardach ann 1852-62. Deir Moore go raibh fiacha troma ar an gcoláiste sin freisin. Ghlac Banc Shasana seilbh air. Glanadh na fiacha ach fágadh é féin báite i bhfiacha. Bhí air éalú thar lear óna chreidiúnaithe agus chuir sé faoi sa Ghearmáin in 1862. Tháinig a chairde i gcabhair air agus d’fhill sé ar Shasana in 1870. D’éag sé ar 14 Samhain 1874 i Manchain. Níor phós sé. Scríobh sé leabhair, ceithre úrscéal ina measc, agus paimfléid agus d’fhoilsigh bailiúchán dá sheanmóirí. Bhí dheartháir leis, Henry, ina phríomh-aire ar an Nua-Shéalainn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »