In Celtica XVII 1985, áiríonn Nessa Ní Shéaghdha é mar bhailitheoir lámhscríbhinní. Cheannaigh sé cuid dá raibh ag Éadbhard Ó Raghallaigh nuair a cuireadh ceant orthu. Tá eolas faoina shaol agus faoi stair na clainne ag a mhac Myles George O’Reilly (d’éag 1912) sna micreascannáin P1029 agus P1030/1 sa Leabharlann Náisiúnta mar a bhfuil freisin na litreacha a chuir Éadbhard Ó Raghallaigh chuige mar aon lena lán dá litreacha féin, agus blúiríní dá dhialann. Tá cuntas maith ag Donal O’Sullivan air in Carolan: The Life Times and Music of an Irish Harper, 1958. Deir O’Sullivan faoina chuid páipéar: ‘These papers have been piously preserved by Myles John O’Reilly’s great-grandson, Captain Cyril Beresford-Mundey, who generously placed them at my disposal and subsequently presented them to the Library of Trinity College, Dublin, of which his ancestor was an alumnus.’ Is í an lámhscríbhinn a bhaineann le Cearbhallán: ‘Carolaniana or Miscellaneous Notices, Anecdotes and Observations relating to Turlough O’Carolan, the celebrated Irish Bard and his Patrons and Times. Collected as materials for a Biographical Memoir of Carolan...’ Tá a líne ghinealaigh le fáil in Burke’s Irish Families (‘O’Reilly of East Brefny’). Ba é an mac ba shine é ag Dowell O’Reilly, Heath House, Port Laoise, agus a dhara banchéile, Elizabeth Knox ón Maighean i gContae Mhaigh Eo. D’iompaigh Dowell ina Phrotastúnach agus fuair foléas ar eastát Heath House in aice le hIoma i gContae Laoise in 1804 (Breifne, 1962: ‘The Line of Colonel John O’Reilly’ le Philip O’Connell).

Ag 136 Sráid Dorset, Baile Átha Cliath, a rugadh Myles John ar 15 Nollaig 1780 . Bhí ceathrar deirfiúracha aige agus beirt deartháireacha a mbeadh fear díobh ina choirnéal i reisimint Spáinneach agus fear eile ina chaptaen i gCabhlach Ríoga na Breataine. Fuair sé scolaíocht in Beaumaris sa Bhreatain Bhig roimh dhul go Coláiste na Tríonóide dó. Bhain BA amach in 1803. Bhí sé ag staidéar ar an dlí sa Temple i Londain. Níorbh fhear maith gnó a athair agus bhí ar Myles filleadh abhaile chun cúrsaí airgid an eastáit a chur ina gceart. Cé gur éirigh leis dul ar ais go Londain agus cáiliú mar abhcóide, níor chleacht sé an cheird riamh. Fágadh eastát Heath House faoina chúram agus, ar bhás a uncail, Francis Knox, tháinig sé i seilbh eastáit eile. Ach ní raibh teacht isteach aige toisc fiacha a bheith ar an talamh. Ar bhás a athar, thit cúram a dheirfúireacha air agus nuair a phós duine acu tarraingíodh an-chuid trioblóide anuas air. Díoladh Heath House agus a raibh ann agus d’fhág sé Éire i Lúnasa 1837. Bhí sé pósta ar Elizabeth Ann de la Poer Beresford, iníon le hArdeaspag Thuama, le hocht mbliana agus bhí a mbeirt iníonacha agus a dtriúr mac an-óg. Cailleadh Elizabeth i Montaubon sa Fhrainc in 1838. Nuair a tháinig feabhas éigin ar chúrsaí airgid bhog sé go Páras agus is ann a fuair a leanaí scolaíocht. Bhí sé i gcruachás i rith an Ghorta Mhóir nuair a theip ar cibé teacht isteach a bhí aige ó chíosanna. Rinne sé socrú lena chreidiúnaithe in 1851 a d’fhág £400 sa bhliain aige as sin amach. Chaith sé deireadh a shaoil sa Fhrainc agus san Iodáil agus a iníonacha ina theannta. D’éag sé ag Castelammare 24 Deireadh Fómhair 1857 agus tá sé curtha sa Napail. Myles John O’Reilly, Antiquae suae gentis, Hibernorum Princeps, aet 76 an scríbhinn atá ar a leac.

Bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus spéis aige sa tseanlitríocht. Bhí aithne aige ar Philip Barron agus bhí comhfhreagras aige leis. Scríobh sé litir chuige ó Chlub Shráid Chill Dara in 1833 agus liostaigh na lámhscríbhinní a bhí aige agus thug eolas ar staid na teanga ina cheantar féin (Ní Shéaghdha) ach dúirt nár scoláire Gaeilge é féin: ‘early habits and education were not favourable to vernacular adoption of our native language.’ Dhéanadh Seán Ó Donnabháin obair dó; do Mhaolmórdha Mac Dubhghaill Uí Raghallaigh a d’aistrigh sé The Book of Fenagh in 1828 agus is in Heath House, mar a raibh leabharlann bhreá, a chaith sé tamall de 1830 tar éis gur bhris ar a shláinte. D’fhan siad cairdiúil le chéile ar feadh fiche bliain agus bhaineadh Ó Donnabháin leas as a raibh bailithe aige de cháipéisí i dtaobh a mhuintire. D’aistrigh sé ábhar a bhain le muintir Uí Raghallaigh, ina measc na hiontrálacha a bhain leo in Annála Ríoghachta Éireann, le linn dó bheith ann in 1830. ‘A man of fervid and combative temper’ a thugann an scoláire air agus ‘a gentleman of great taste and considerable learning and was, while in Ireland, very fond of Irish antiquarian research and had made a considerable collection of Irish books and manuscripts.’ Col cúigir leis ba ea an Ceannphort Myles O’Reilly (1825-1880), ball de Bhriogáid an Phápa in 1860, ball parlaiminte agus údar Memorials of Sufferers for Catholic Faith, 1868.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú