I nDún Mór, Co. na Gaillimhe, a rugadh an soiscéalaí Modhach seo ar 24 Feabhra 1762. Ba é John Ouseley ó Choill an Chaclaigh sa chontae sin a athair agus ba í Elizabeth Surrage a mháthair. B’as Shrewsbury, Sasana, do mhuintir Ouseley agus chuir siad fúthu in Éirinn i 1625. Foilsíodh The ministerial life of the Reverend Gideon Ouseley, 1847 le William Reilly. Tá cur síos air in The apostle of Kerry or the wonders of the Irish General Mission, being the life and labours of the Reverend Charles Graham together with those of the celebrated Gideon Ouseley,1869 le William Graham Campbell. Scríobh William Arthur beathaisnéis eile in 1876.

Tá eolas ina thaobh ag Risteárd Ó Glaisne in Modhaigh: scéal pobail—scéal eaglaise, 1998. Ó shagart Caitliceach a bhí sé ag fáil scolaíochta ach theip air áit a fháil i gColáiste na Tríonóide; ní raibh a dhóthain eolais aige ar an nGréigis. Fuair an t-athair eastát i gContae Ros Comáin le hoidhreacht agus chuaigh an teaghlach chun cónaithe ann. Phós Gideon, in aois a fiche haon dó, Harriet Wills agus thug a hathairsean eastát don lánúin óg. De réir an DNB chaith siad ‘a life of rollicking pleasure’ ar feadh tamaill. D’éiligh oidhre athair a chéile an t-eastát agus bhí Gideon ró-uaibhreach lena chás a throid. D’fhill siad ar Dhún Mór agus lean orthu ag baint spraoi as an saol gur bhain timpiste dó. Chaill sé an radharc i súil amháin agus le linn dó a bheith ar fainnéirí is ea léadh a bhean leabhair chrábhaidh dó. Tharla díorma de shaighdiúirí Modhacha a bheith i nDún Mór i mBealtaine 1791 agus chuaigh siad i gcion go mór air. Chinn sé ar a bheith feasta ina sheanmóirí taistil. Chuir comhdháil na Modhach in Éirinn na ceantair Ghaeltachta i gCúige Uladh faoi chúram Gideon agus Charles Graham.

Bhí an Ghaeilge ar a thoil aige. Deirtear in DNB: ‘Ouseley spoke in Irish and with the true Celtic gifts of enthusiasm and humour. He possessed an extraordinary power over his hearers and preached to Catholics and Protestants alike, studying the missal, the canons and the catechism of Trent, in order to converse intelligently with the former.’ Deirtear nárbh annamh ag aifreann é agus gach a raibh á rá i Laidin ag an sagart á aistriú aige go Gaeilge don phobal, más fíor. Ag Alfred Webb in A compendium of Irish biography, 1878 tá an cuntas seo air féin agus a chomrádaithe: ‘Travelling on horseback, they preached in season and out of season—at fairs and markets; in barns and private houses; to workmen in the fields, at the loom, and at the scutch-mill. They endured with unfailing good temper and serenity buffetings and insults, stone-throwing, and derision: at times they drew audiences by singing hymns to old Irish tunes.’

Deir an Oxford Companion to Irish history: ‘Ouseley’s suspicion of ecclesiastical institutions and their clergy scarcely endeared him to the ministerial elite within Irish Methodism or to other denominations.’ Chum sé iomann Gaeilge agus tá ceithre véarsa de i gcló ag William Graham Campbell: ‘Ó tá mo chroí go dorcha trom / Is scannradh i mo lár / Mar tá an bás ag druideadh liom / Is beidh mé fós ar clár’. Scríobh sé A short defence of the old religion, against certain novelties, recommended to the people of Ireland, 1812. D’fhoilsigh sé freisin roinnt paimfléad inar thug sé faoin eaglais Chaitliceach. Ina measc tá Letters in defence of the Roman Catholics of Ireland, in which is opened the real source of their many injuries and of Ireland’s sorrows, 1829; ar Dhomhnall Ó Conaill a bhí sé dírithe. D’éag sé i mBaile Átha Cliath an 13 Bealtaine 1839 agus tá sé curtha i reilig Chnoc Ieróm, Crois Araild, Baile Átha Cliath.

In Irish Book Lover, Lúnasa 1914 (‘Some Connaught Literary Men’) taispeánann R.J. Kelly gaol cleamhnais a bheith ag William Wilde le Gideon Ouseley. Bhí máthair Wilde gaolmhar le muintir Wills, a raibh Gideon pósta ar dhuine díobh. Deirtear go raibh beartaithe ag Oscar Wilde Gideon a bheith mar phríomhcharactar aige in úrscéal.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú