NEILSON, William (1774–1821) William NEILSON 1774 1821 Ráth Déamain, Co. an Dúin Ráth Deamáin, Co. an Dúin M Ollscoil Ghlaschú scríbhneoir scoláire ministir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá gach gné dá shaol is dá shaothar pléite ag Séamas Ó Saothraí in An Ministir Gaelach Uilliam Mac Néill (1774-1921) agus an oidhreacht a d’fhág sé againn (1992). Tugann Roger Blaney cuntas air in Presbyterians and the Irish language (1996). I Ráth Deamain, An Chill Mhór, Co. an Dúin, mar a raibh a athair Moses Neilson ina mhinistir Preispitéireach, a rugadh é ar 12 Meán Fómhair 1774. Shíolraigh a mháthair, Catherine Welsh, ó John Knox (c.1505–72), bunaitheoir Eaglais na hAlban. Ba é Uilliam an ceathrú mac den ochtar clainne a rugadh don lánúin. Tá fianaise i gcló ag Ó Saothraí go raibh Gaeilge ón gcliabhán ag Moses agus gurbh í an ghnáth-theanga í ag Preispitéirigh. Bhí beartaithe ag an Moses seo graiméar Gaeilge a scríobh. Bhí acadamh aige i Ráth Deamain agus is dóigh gur fhreastail Uilliam air. Bhí sé tamall ag foghlaim ó Phádraig Ó Loingsigh[q.v.] i Loch an Oileáin. Chaith sé cúpla bliain in Ollscoil Ghlaschú ach ní dheachaigh chomh fada le céim ollscoile a bhaint amach. Oirníodh ina mhinistir Preispitéireach é ar 21 Nollaig 1796. Nuair a ceapadh é ina mhinistir i nDún Dealgan phós sé Jane Warnock ó Phort an Pheire, Co. an Dúin. Ceathrar cailíní agus aon mhac amháin a bhí acu. Bhunaigh sé scoil sa bhaile. Bhronn Ollscoil Ghlaschú dochtúireacht air in 1805.

I nDún Dealgan in 1798 a scríobh sé leagan giorraithe de The English Irish dictionary: an focloir Bearla Gaoidheilge (1732) le Conchobhar Ó Beaglaoich agus Aodh Buí Mac Cuirtín agus is sa Leabharlann Náisiúnta atá an lámhscríbhinn sin. Idir 1804 agus 1821 chuir sé ceithre théacsleabhar Gréigise i gcló agus leabhar ar ghramadach an Bhéarla. Ach is é An introduction to the Irish language (1808) a fhágann go bhfuil cuimhne ar a ainm inniu. Deirtear gurbh é Moses a scríobh an chuid tosaigh. ‘The most important surviving authority for the Co. Down dialect of Irish’, a thug Séamus Ó Casaide[B2] air agus dúirt T.F. Ó Rathile[B2] freisin gurbh é an t-údar ba mhó é ar chanúint oirdheisceart Uladh. Bhí sé ina bhall den Gaelic Society agus in 1808 toghadh é ina chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann.

In 1810 tháinig uaidh Cead leabhar na Gaoidheilge, air na chur a gclo, chum maitheas puiblidhe na hEirin. air iartas agus costas na cuideachta Eirionaighe, priméar 24 lch a scríobh sé saor in aisce don Hibernian Bible Society. Roghnaigh an Eaglais Phreispitéireach é 24 Meitheamh 1806 ina Mhodhnóir, an onóir ba mhó a d’fhéadfadh an eaglais sin a thabhairt do mhinistir. Ag Sionad Ginearálta Uladh in 1813 thacaigh sé le rún ar son fhuascailt na gCaitliceach. Théadh gach aicme creidimh go dtí an scoil mhór lae agus cónaitheach a bhí aige i nDún Dealgan; dalta díobh ba ea Nicholas Joseph Callan (1799–1864), an t-eolaí mór a bhí ina ollamh i Maigh Nuad. In 1816 mhol sé go mbeadh an tUrr. William Steel Dickson (1744–1824), an tÉireannach Aontaithe, ina ollamh le diagacht sa Royal Academical Institute i mBéal Feirste, rún nár glacadh leis.

D’fhág sé slán le Dún Dealgan in 1818 chun post a bheith aige sa Royal Academical Institute, é ina ardmháistir ar an scoil chlasaiceach agus ina Ollamh le Laidin, Gréigis agus Eabhrais. Thugadh sé léachtaí Gaeilge trí huaire sa tseachtain. In 1819 toghadh é ina uachtarán ar Chumann Liteartha Bhéal Feirste. Ceoltóir maith ba ea é agus rinne sé iarracht uair an Irish Harp Society a athbheochan.

Tairgeadh cathaoir na Gréigise in Ollscoil Ghlaschú dó ach bhí sé ag fáil bháis ag an am. D’éag sé um meán oíche 26-7 Aibreán 1821. Deirtear gur 15,000 a shiúil ina shochraid. Tá sé curtha i Ráth Deamáin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »