Ba é seo an chéad ollamh le Gaeilge i gColáiste na Banríona, Gaillimh. Tairgeadh an post do Hardiman ach b’fhearr leis a bheith ina leabharlannaí ag an gColáiste. Níl a fhios cén fáth ar rognaíodh Mahony in 1849. Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é, is ródhóigh, ach seachas cúpla bliain a chaitheamh i Maigh Nuad mar ábhar sagairt ó Dheoise Chluana, nuair a bhí James Tully bocht i gceannas na Gaeilge ann, níl fianaise gur cuireadh aon oiliúint scolártha air. Níl aon ní againn óna pheann. Bhí tamall caite aige ag múineadh Gaeilge i gcliarscoil Naomh Uinseann i gCorcaigh. I nGaillimh ní raibh níos mó ná triúr mac léinn aige agus bhí blianta nuair nach raibh aon duine aige. Ní raibh glacadh leis an nGaeilge mar ábhar sa chéim ghinearálta BA ag an am sin. Ghlac sé le post cigire faoin mBord Náisiúnta Oideachais in 1854 ach bhí ina Scrúdaitheoir ag coláistí na Banríona go fóill an bhliain sin agus arís in 1855. Chaith sé tamall in Eochaill agus ar deireadh is san Ómaigh a bhí sé lonnaithe mar chigire ceantair. D’éag sé ar 14 Márta 1875 ina theach i Mullach Mór in aice leis an Ómaigh ní raibh sé tinn ach le tamall gairid; 52 bliain d’aois a dúradh a bhí sé. Bhí sé pósta agus Mary Anne a bhí ar a bhaintreach. Cuireadh é i nGlas Naíon. (Tá na húdair fíorbhuíoch den Ollamh Breandán Ó Madagáin a thug dúinn eolas a bhí curtha le chéile aige le haghaidh ‘Irish: A Difficult Birth’ in From Queen’s College to National University, 1999 in eagar ag Tadhg Foley. Má tá botún sa mhéid sin thuas ní ar an Ollamh Ó Madagáin atá a mhilleán le cur).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú