MAC CRUITÍN, Séamas (1815–1870) Séamas MAC CRUITÍN 1815 1870 M file múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhailigh Pádraig Ó Fiannachta a dhéantús fileata agus chuir cuid bheag de i gcló in Folia Gadelica: aistí ó iardhaltaí leis a bronnadh ar R.A. Breatnach..., 1983 in eagar ag P. de Brún, S. Ó Coileáin agus P. Ó Riain. Tá cuntas aige ar chuid de bheatha an fhile ann agus cuntas níos iomláine in Léas ar ár Litríocht, 1974. In Feasta, Meán Fómhair 1972 bhí an aiste ‘Séamus Mac Cruitín’ i gcló ag Ó Fiannachta. In Dal gCais 2 tá cuntas ag Muiris Ó Rócháin, ‘James McCurtin: Last of the Bards’. Tá an t-eolas anuas go 1847 bunaithe ar litir a scríobh sé 13 Márta na bliana sin chuig William Smith O’Brien[q.v.] (i gcló ag Ó Fiannachta in Folia Gadelica). Deir sé ann gur mac le Tadhg é agus go mba dheartháir lena shin-seanathair an file Aindrias Mac Cruitín. Luann sé Aodh Buí freisin a bheith i measc a ghaolta ach cuireann leis: ‘Ach tar éis sin uile, ní raibh tairbhe dhom ag cur mo ghaolta ná mo dhúthracht in umhail do chiní mínádúrtha na haimsire seo.’ Tugann sé a aois, 32, sa litir seo. I gCiarraí a deir sé a chuir sé eolas ar litríocht na lámhscríbhinní agus liostaíonn sé na leabhair agus an fhilíocht a bhí léite aige. Deir Ó Fiannachta: ‘Is léir gur bhraith Séamas tar éis a léinn agus le bogadh na féithe ann, gurbh é féin oidhre na mbard agus gur thuill sé pátrúnacht. Is dánta oifigiúla baird an chuid is mó dá bhfuil fágtha dá fhilíocht. Tuirimh nó caointe cuid díobh sin’. Chaoin sé Sir Michael O’Loghlen (1789-1842) agus Domhnall Ó Conaill, agus scríobh dánta ag moladh William Smith O’Brien agus Seáin Mhic Héil[q.v.]. Chum sé barántais, amhráin ghrá, dánta grinn agus rabhcháin Bhéarla.

Le múinteoireacht a chuaigh sé agus bhí dhá bhliain ag teagasc i dteach Mhichíl Uí Fhionnúcáin i Maigh Mór sular ceapadh é ina phríomhoide sa scoil náisiúnta ann tuairim 1846. Má chaill sé an post sin ag pointe éigin i ndiaidh 1851 ba de dheasca an tromólacháin é. Deir Ó Rócháin gur tháinig cigire scoile chun fiosrú a dhéanamh ach gur sheas muintir na háite le Séamus. Tagraíonn Ó Fiannachta do ghrá leatromach a thug sé do bhean agus do ‘crisis cultúir’ mar fháthanna ar chaill sé a mhisneach. Ag an am sin a chum sé an dán ‘Ag Cur Slán leis an nGaeilge’. Bhunaigh sé scoil i gCluain an Fháthaigh in 1860 agus chuir an t-ainm ‘James McCurtain’ leis an ngairm scoile: ‘The parish of Inagh and the public in general are hereby informed that Mac Curtain, the last of the hereditary bards of Thomond after a short stay on the shores of Malbay returned convalescent to his duties, to the hospitable district of Cloonanaha where with his usual zeal and efficiency, diligence and perseverance, he instructs his pupils in the polite and popular literature, not withstanding the sublime and romantic ideas which have made him the innocent victim of the ignorant shallow-brained abacedarian pedagogues of the country.’ Bhí caoga scoláire aige agus is ina dtithe a d’fhanadh sé. Bhíodh Brian Ó Luanaigh [B1] i measc a lucht éisteachta sna tithe sin agus tuairimíonn Ó Fiannachta gurbh aigesean a d’fhág sé a lámhscríbhinní. Dar le Ó Rócháin gurbh fhéidir an píobaire Garret Barry a bheith ar dhuine dá dhaltaí. Theip ar a shláinte agus cailleadh é i dTeach na mBocht in Inis Díomáin. An t-aon mháistir scoile den ainm sin a d’éag i dTeach na mBocht, Inis Díomáin, ba é an fear singil é ar chioróis ae ba thrúig bháis dó 1 Meán Fómhair 1870. Bhí seisean 62 bliain d’aois, más fíor.