Duine eile de na múinteoirí taistil. Rugadh é ar 4 Meitheamh 1895. Ba iad a thuismitheoirí John Conway, feirmeoir i Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, fear a ghlac páirt i gCogadh na Talún, agus Hannah Mary O’Connor a bhí bainteach le Léig na mBan. Bhí léamh na Gaeilge ag an athair. I gceantair Chill Mháille agus Lios Uí Chathasaigh a thosaigh Sailbheastar ag múineadh na teanga. Ó 1919 go 1923 bhí sé fostaithe ag Coiste dúiche Chonradh na Gaeilge i gceantar Mhainistir na Féile agus ranganna oíche aige i gCnoc Uí Choileáin, in Áth an tSléibhe, i dTuar na Fola, i dTeampall an Ghleanntáin, agus chomh fada síos le Dubháth agus Coill Mhaonaigh i gCiarraí. ‘Cé hiad na daoine a dhéanadh freastal ar na ranganna oíche? Bhí treasghearradh an phobail ann idir chléir is tuath. Bhí an feirmeoir ann agus an fear oibre, bean a’ tí agus a hiníonacha, an múinteoir agus an cléireach bainc ann, iad uilig guala le gualainn’ (as scríbhinn a d’fhág sé ina dhiaidh). Ina chúram freisin bhí seacht mbunscoil agus clochar. Ar feadh sé mhí is gan tuarastal a lean sé den taisteal agus chroch Dúchrónaigh a rothar leo uair. Ó 1923 ar aghaidh bhí sé lonnaithe sa Cheapach, Co. Thiobraid Árann, agus é ag teagasc faoi scéim na comhairle contae sa bhaile sin, in Áth na Cairte, i gCluain Mhurchaidh agus i nDún Eochaille. Phós sé Catherine Collins, múinteoir náisiúnta sa Cheapach, i 1924 agus is le Gaeilge a thóg siad a mbeirt mhac agus a n-iníon. Ceapadh é ina Phríomhoide ar an gCeardscoil sa Cheapach i 1931: thug sé dhá shamhradh ar chúrsa oiliúna i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Mhúineadh sé na hábhair go léir trí Ghaeilge. Ar feadh cúpla samhradh bhí sé ina ardmháistir i gColáiste Dhéagláin in Aird Mhór, Co. Phort Láirge. Bhí sé gníomhach ar feadh a shaoil i gConradh na Gaeilge. Bhunaigh sé ceann de na chéad chraobhacha de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i gCúige Mumhan agus bhí ina chathaoirleach náisiúnta ar an eagraíocht sin agus tamall eile ina chathaoirleach ar choiste na Mumhan. D’éag sé ar 24 Lúnasa 1980 (Bob Conway).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú