MAC AONGHUSA, Éamann Augustus (c.1821–1877) Éamann Augustus MAC AONGHUSA c.1821 1877 An tIur, Co. an Dúin M coimisinéir baile fear gnó Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Seo é an duine ar scríobh Art Mac Bionaid[q.v.] deich lámhscríbhinn dó. Tá cuntas ag Liam Ó Cuinneagáin air in An tUltach, Márta 1998 (‘Lámhscríbhinní Gaeilge Éamainn Augustus Mhic Aonghusa’), mar aon le liosta d’fhoinsí eolais agus le clár na LSS, agus tá cuntas ag Réamonn Ó Muirí in Lámhscríbhinn staire an Bhionadaigh: Comhrac na nGael agus na nGall le chéile, 1994. Fear gnó rachmasach san Iúr ba ea an mac seo le Thomas Maginnis, gnó báicéireachta aige ansiúd agus brainse sa Phointe, airgead infheistithe aige i dtalamh agus i dtithe san Iúr agus sa chomharsanacht. Coimisinéir Baile é agus bhí sé ina bhall de Bhord Dhlí na mBocht. Bhí cáil ar a chuid aráin agus tá an sliocht seo as alt in Newry Reporter 30 Meitheamh 1994 i gcló ag Ó Cuinneagáin: ‘I saw, again, Edward Maginnis, his tall white hat set jauntly [sic], on his head, his grey frock coat buttoned tightly at the waist and tasted again the sweet flavour of his bread, for his was the premier bakery of the Newry of that day’ (cuimhne cinn seanfhondúra). D’éag sé 8 Meán Fómhair 1877 agus cuireadh é i reilig Naomh Muire san Iúr. Chuig a mhac Robert a tháinig ceithre leabhar de na lámhscríbhinní.