Bhí an sagart seo ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh 1955-8. I bparóiste Bhaile an Doire, Co. Thír Eoghain, a rugadh é. Chaith sé seacht mbliana ina ollamh in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn, agus tar éis tamaill a chaitheamh i bparóistí éagsúla ceapadh é ina shagart paróiste i gCill Shléibhe. D’éag sé 20 Meán Fómhair 1975. Tá tuairisc a bháis ag Tomás Ó Fiaich in Seanchas Ard Mhacha 1975-6.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú