Tá cuntas ar a bheatha in Irish Ecclesiastical Record in 1896, in Transactions of the Ossory Archaeological Society in 1883, agus ag Patrick Corish in Maynooth College 1795-1995, 1995. I Sráid Mhaigdiléana i gCill Chainnigh an 24 Meán Fómhair 1814 a rugadh an duine seo de bhunaitheoirí an Chumainn Cheiltigh. Ba é an mac ba shine é ag James Kelly agus a bhean, Margaret Sanphey. Ar shagairt Chaitliceacha a thiteadh sé go minic an deachú a bhailiú agus mhaíodh Kelly gurbh é a sheanathair a thug ar shagairt éirí as a bheith ina bprócadóirí. Bhí a uncail Patrick Kelly (d’éag 8 Deireadh Fómhair 1829) ina easpag ar dheoise Phort Láirge agus bhí páirt mhór aigesean sa bhua tábhachtach a rug páirtí Uí Chonaill i dtoghchán 1826 sa chontae. Oileadh don sagartacht é i gColáiste Chiaráin, Cill Chainnigh, agus i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar ar oirníodh é. Bhí sé ina ollamh i gColáiste na nGael i bPáras in 1836-41. Ceapadh é in 1841 ina ollamh le Béarla agus Fraincis i Maigh Nuad agus ó 1857 amach bhí sé ina ollamh le Stair Eaglasta. Tugadh cuireadh dó an bhliain chéanna sin a bheith ina leas-reachtaire ar an Ollscoil Chaitliceach ach dhiúltaigh sé de bhrí go raibh ag teip ar a shláinte.

Maítear go raibh sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí an Celtic Society in 1845. Réitigh sé eagráin de: Cambrensis Eversus le John Lynch, 1848-52; Apologia pro Hibernia adversus Cambri calumnias le Stephen White, 1849; Historiae Catholicae Hiberniae Compendium, le Pilib Ó Súilleabháin Béara, 1850; agus Calendar of the Irish Saints: the Martyrology of Tallaght; with notices of the patron saints of Ireland. And select poems and hymns, [1857]; scríobh sé sa leabhar deireanach sin: ‘made many years ago, at the suggestion of the late William Elliot Hudson, cujus animae propitietur Deus’. D’fhoilsigh sé léarscáil eaglasta na hÉireann. Bhí ábhar á bhailiú aige chun stair na heaglaise ón dara haois déag go dtí an tAthrú Creidimh a scríobh; a ‘continuation of Lanigan’ a dúradh a bheadh ann. Scríobh sé ailt in irisí éagsúla agus foilsíodh cuid acu mar Dissertations on Irish Church History. Bhí Collections of Irish Church History le Laurence Renehan á ullmhú don fhoilsitheoir aige nuair a cailleadh é 30 Deireadh Fómhair 1858.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú