Measadh tábhacht chomh mór sin a bheith leis an oideachasóir agus an riarthóir seo i stair an oideachais in Éirinn gur tugadh ionad dó in Dictionary of National Biography: Missing Persons, 1993 in eagar ag C.S. Nicholls. Cuirtear síos air ansin mar: ‘A man of marked ability, his knowledge and experience of Irish education were widely recognised. He was both the child of the National Education system and its architect’. Síltear gur i mBaile Átha Cliath a rugadh é. Ba é John Keenan, Baile Phib, agus a bhean Mary Sherlock a thuismitheoirí. I scoil náisiúnta Ráth Tó, Co. na Mí, a cuireadh bunoideachas air agus fuair sé oiliúint mar mhonatóir sna Modhscoileanna i Sráid Maolbhríde, Baile Átha Cliath. Faoi 1845 ba é an príomhoide ann é; in 1848 ceapadh é ina chigire ceantair faoin mBord Náisiúnta Oideachais; bhí sé ina phríomhchigire faoi 1855 agus ina cheannasaí ar na cigirí in 1859. Phós sé Elizabeth Agnes Quinn ó 'Waterville', gar do chathair Luimnigh agus bhí beirt mhac acu. Ó 1871 go ham a bháis bhí sé ina Choimisinéir Cónaitheach um Oideachas Náisiúnta. Tugadh ridireacht dó in 1881. Thaitin sé le múinteoirí toisc gurbh é ba thúisce a thug aitheantas do Chumann na Múinteoirí Náisiúnta (INTO). Ina thuarascálacha mar chigire mholadh sé gur trí mheán na Gaeilge a mhúinfí daltaí bunscoile sa Ghaeltacht agus mar phríomhfhinné dúirt sé an méid céanna leis an gCoimisiún Ríoga in 1868. Is beag a rinne sé féin mar Choimisinéir ó 1871 amach chun an aidhm sin a chur i gcrích ach ba é a d’fhéach chuige go mbeadh an teanga mar ábhar ‘breise’ sna scoileanna náisiúnta ó 1879 amach agus is ar a thuarascálacha a bhunaigh Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus Aontacht na Gaeilge a gcuid argóintí i dtaobh an Ghaeilge a bheith ina meán teagaisc. In 1893 cailleadh a bhean nuair chuaigh a cuid éadaigh trí thine. Deirtear nár tháinig sé chuige féin arís tar éis na timpiste sin. In ‘Delville,’ Glas Naíon, a bhí cónaí orthu. D’éag sé 1 Samhain 1894 ag Delville, Glas Naíon. I dtuairisc a bháis in Irish Times 4 Samhain 1894 dúradh go raibh sé i ndrochshláinte le tamall. Bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú