Duine de chairde Dhubhghlais de hÍde. Bhí sí i gceannas ar roinn na bpáistí in Freeman’s Journal agus chuaigh a colún faoin ainm ‘Uncle Remus’ agus na ‘Fireside Clubs’ i gcion go mór ar chuid de na buachaillí a d’iompódh amach ina gConraitheoirí díograiseacha ar ball. I gCoill an Druadh, Co. Thír Eoghain, a rugadh í 24 Meitheamh 1860. Thug sí aire do Charles Kickham ar feadh tamaill. Bhí sí leochaileach agus tholg an eitinn go bhfuair bás 26 Feabhra 1891. Scríobh W.B. Yeats dán dar teideal ‘Rose Kavanagh: Death of a Promising Poet’ in Boston Pilot 11 Aibreán 1891.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú