Ó RUAIRÍ, Seán (c.1840–1926) Seán Ó RUAIRÍ c.1840 1926 M Iriseoir múinteoir scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Mac Ruairí a thugadh daoine air uaireanta ach ‘Seán Ua Ruairí’ an t-ainm a chuireadh sé féin lena dhéantús scríbhneoireachta. Dúirt Muiris Ó Droighncáin in Taighde i gcomhair Stair Litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 gurbh as Co. Shligigh dó ach ní raibh puinn amhrais ar Lughaidh Breathnach sa leabhar Old Friends ná gurbh as Co. Mhaigh Eo dó. Thuigfí ó rud a dúirt sé féin in aiste ar Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1907, gurbh as comharsanacht Bhealach an Doirín dó. Is é rud is dealraithí gurb é an chuid sin de chomharsanacht Bhealach an Doirín atá i gContae Mhaigh Eo agus teorainneach le Co. Shligigh atá i gceist. D’fhágfadh sin nárbh áibhéil ar fad a ndúirt Ó Droighneáin, gurbh é an t-oidhre deireanach ar an scoil a thug Tadhg Ó Rodaighe agus Seán Ó Gaora agus Leabhar Fíodhnach do Chlanna Gael.

Bhí air dul ar imirce agus é ina bhuachall óg. 65 bliana a chaith sé i gcéin—seal in Albain, seal i Learpholl, tamall i Londain agus 40 bliain in Barrow in Furness i Lancashire. Bhí sé rathúil i gcúrsaí gnó agus thuigfeá go raibh sé lonnaithe go compordach i ngnáthshaol na Breataine. Ach bhí taobh eile ann. Níor shearg an Gaelachas ann riamh. Bhí bá aige riamh le náisiúnachas na hÉireann agus bhí sé ag tacú le Butt agus Parnell. Bhíodh Gaeilge á múineadh aige agus ailt leis i gcló sna hirisí Gaeilge. D’fhoilsigh Conradh na GaeilgeBliadhain na bhFranncach i 1907 agus Súil Uí Dhubhda le Ard na Ríogh i 1906. Thagadh sé go dtí an tOireachtas go rialta. Bhí mar phrionsabal aige a chuid earraí tís, nó an oiread díobh ab fhéidir leis, a cheannach in Éirinn. Deirtí nár chaith sé féin ná éinne dá líon tí balcais nár de dhéantús na hÉireann é. Cailleadh é ar 14 Meán Fómhair 1926.