Fear mór le rá ba ea é i gCumann na Scríbheann Gaeilge ó thosach. ‘G.A. Greene M.A. was an Examiner to the Board of Education and was one of the organisers of the Rhymers Club. Described as “the Pindar of Wakefield”, he translated the work of the Italian poet Giosue Carducci and published it in 1893 as Italian lyricists of today’ (Pádraigín Riggs in Irish Texts Society: the first hundred years, 1998 edited by Pádraig Ó Riain). In Firenze san Iodáil, mar a raibh a athair Henry ina shéiplíneach ag Sasanaigh na cathrach, a rugadh é ar 21 Feabhra 1853. Bhí post an Chláraitheora i mBaile Átha Cliath ag a sheanathair, Sir Jonas Greene. Ba í Mary Dorothea Lucy Roundell a mháthair. Tar éis scolaíochta in Firenze bhuaigh sé dhá bhonn óir i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé tamall ina ollamh le litríocht an Bhéarla i gColáiste Alexandra agus ina scrúdaitheoir ag Bord an Mheánoideachais. Ina dhiaidh sin ba é an Taylorian Examiner in Oxford é. Chuir sé eagar ar roinnt leabhar agus d’fhoilsigh aistriúcháin ón nGearmáinis agus ón Iodáilis. File ba ea é (Songs of the open air, 1912) agus tá dánta dá dhéantús in A treasury of Irish poetry in the English tongue, 1900 le Brooke agus Rolleston. Tá cuntas air in Who Was Who, 1916-1928.

Deir an Irish Book Lover, Lúnasa-Meán Fómhair 1921 go raibh sé ina bhall den Irish Literary Society. Cheangail sé le Cumann na Scríbheann Gaeilge agus bhí ar feadh i bhfad ina leas-chathaoirleach ann. ‘He turned his linguistic talent to the study of Gaelic, in which he attained great proficiency and threw himself into the work of the Irish Texts Society.’ Deirtear freisin in Irish Book Lover: ‘At his best he was a fine linguist, a delightful lecturer and a charming conversationalist, full of reminiscences of literary men, from Lever whom he had known in his youth to Dowden and the moderns; replete with the fruits of wide reading in many languages . . .. He had, while learning Gaelic, compiled for his own use a valuable glossary of words derived from every Irish work of merit, written out in his beautiful handwriting.’ D’éag sé 12 Bealtaine 1921.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú