FURLONG, Jonathan (1800-1857) Jonathan FURLONG 1800 1857 Co. Luimnigh M aistritheoir sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas ar an sagart seo ag Ignatius Murphy in The Diocese of Killaloe 1800-1850 (1992). I Luimneach a rugadh é agus is do dheoise Luimnigh a oirníodh é i Maigh Nuad. Ach is i ndeoise Chill Dalua is mó a d’oibrigh sé. Bhí sé i gCill an Dísirt, Inis, Cora Chaitlín agus sa Tulach. Faoi 1838 bhí sé i gCill Rois agus cáil air mar sheanmóirí cumasach agus mar amhránaí. Ba léir dó gá mór a bheith le hábhar creidimh i nGaeilge a chur i gcló agus in 1839 foilsíodh a leagan de theagasc críostaí an Bhuitléaraigh: Aithghearughadh an teagaisg criosdaighe geinearáilte An bhliain chéanna sin chuir sé amach An Irish Primer, for the use of those who are already acquainted with the grammar of any language. B’fhéidir go raibh baint aige le cúpla leabhar urnaithe a fhoilsiú in 1842: Carad an Chríosdaigh; nó Leabharán iona bhfuil urnuighthe áirighthe riachtanach chum seirbhís dhiadha do chomhlionadh; agus Compánach an Chríosdaigh; nó tiomsúgh d’urnaighibh craibhtheacha, oireamhnach chum gach dualgais do bhaineas le creideamh do chomhlionadh.

Ní paidreacha dúchais a bhí iontu seo ach aistriúcháin ar phaidreacha Béarla na haimsire. Chuaigh sé go Londain an bhliain chéanna sin. Tarraingíonn Murphy an sliocht seo as litir a chuir scríobhaí Chill Rois, Micheál Ó hAnnracháin[q.v.], chuig Maurice Lenihan, staraí Luimnigh, in 1871: ‘I had an Irish copy of the life of St Senan in my own handwriting and lent it to the Revd Jonathan Furlong of your city who was curate here about 1839 or 40 for whom I wrote an Irish prayer book. He took away my book and I never saw it more as he went over to England where he died some years later. He behaved badly to the people who had subscribed 5/- each for three thousand copies of that prayer book.’

Dar le Murphy gurbh fhéidir gur shíl Furlong nach raibh aitheantas ceart tugtha dó i gCill Dalua. Is dóigh leis freisin gur dhuine corrathónach é. Tuairim 1852 chuaigh sé ag obair sna Stáit Aontaithe agus bhí ina shagart paróiste in Cambridge, deoise Albany, nuair a d’éag sé 5 Márta 1857. Dúradh i dtuairisc bháis i bpáipéar Meiriceánach: ‘For the poor Irish of London, he originally compiled his Prayer Book in Irish, a memorial of piety.’