Ó RINN, Liam (1886–1943) Liam Ó RINN Coinneach J.D.R. 1886 1943 4 Gairdíní Sackville, Bóthar an Bhaile Bhoicht, Baile Átha Cliath M Scoil Naomh Uinseann na mBuachaillí, Sráid Liam Thuaidh, Baile Átha Cliath Scoil Iósaf, Marino, Baile Átha Cliath rannpháirtí in Éirí Amach 1916 [B9] cléireach scríbhneoir óglach 1913–1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

‘Nuair a chuala gur cailleadh Liam Ó Rinn bhraitheas, maidir liom féin, ná beadh an dealramh céanna feasta ar ghluaiseacht litridheachta na Gaedhilge. Níor léir dom a shamhail d’aigne dúthrachtach dícheallach fiafraitheach foghlaimeach bríoghmhar brostuitheach i measg sgríbhneoirí ná sgoláirí na Gaedhilge’. Sin é a dúirt Piaras Béaslaí faoi agus dúirt Éamon de Valera: ‘An fhad a mhairfeas an Ghaedhilge agus go háirithe an fhad a bheidh sí á húsáid i gcúrsaí reachta agus riaracháin, beidh cuimhne ar Liam Ó Rinn’ (Liam Ó Rinn, So Súd, 1953). Ag 4 Gairdíní Sackville, Bóthar an Bhaile Bhoicht, a rugadh é ar 20 Samhain 1886. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901 ag 4 Gairdíní Sackville, Baile Átha Cliath: Patrick Ring, ‘DMP pensioner’ (48), a bhean Elizabeth (45), a rugadh i gContae na Mí, a gcúigear mac agus a n-iníon. Ní raibh Gaeilge ach ag William J. Ring (14) amháin. Maidir le Daonáireamh 1911, i nGaeilge a tugadh an t-eolas ar fad agus is mar ‘Pádraig Ó Rinn’ a shínigh an t-athair é. Ní raibh Gaeilge ach ag Liam amháin agus ag a dheirfiúr Máire, oide scoile. Rugadh seachtar don lánúin agus bhí seisear beo. B’as Cill Chainnigh dá athair Patrick Ring, ball de Chonstáblacht Chathair Bhaile Átha Cliath (D.M.P.). B’as an Inse, Co. na Mí, dá mháthair Elizabeth Griffith. Cúigear buachaillí agus cailín amháin a bhí sa chlann. Bhí sé ar scoil ag Siúracha na Carthanachta i Sráid Liam Thuaidh ar dtús agus ansin i Scoil Josaif, Marino. Thosaigh sé ar a bheatha a thuilleamh i 1901 in aois a 14. Ba mhian leis féin bheith ina shiúinéir ar nós a dhearthár ach measadh gurbh fhearr a d’oirfeadh dá shláinte go mbeadh sé ina ghiolla oifige ag dlíodóirí. Cúig scilling sa tseachtain an chéad phá a bhí aige. Bhí sé ag foghlaim Gaeilge i gcraobhacha éagsúla de Chonradh na Gaeilge agus timpeall 1907 fuair sé post oifige sa Chonradh. Trí bliana déag a chaith sé ann.

Bhí sé féin agus a dheartháireacha ag troid san Éirí Amach. Scaoileadh as Frongoch é i Nollaig 1916 agus chuaigh sé ag obair arís in oifig an Chonartha. Ar 5 Aibreán 1920, phós sé Ellen Fennelly i dTulach Thirim, Co. Chill Chainnigh. Gairid ina dhiaidh sin, fuair sé post i mBanc na Talún. I ndiaidh Dhomhnach na Fola cuireadh é féin agus beirt deartháireacha leis i ngéibheann i gCampa Bhaile Coinnleora agus bhí siad ann go dtí Nollaig 1921. Rugadh an chéad leanbh dá bhean i rith na tréimhse sin. Bhí sí bliain d’aois sula bhfaca Liam í.

Ó 1914 amach bhíodh aistí i gcló aige agus foilsíodh trí leabhar dá chuid i 1920: Slighe na Saoirse, leabhar druileála do na hÓglaigh; aistriúchán ar leabhar le Adam Mickiewicz, Leabhar na Polainne; Cad ba dhóbair dó agus Sgeulta eile a meastar faoi gur ann atá na chéad scéalta a bhfuil an chathair mar chúlbhrat iontu, gur rud nua ar fad a bhí sa leabhar. I dtosach 1922, d’iarr Seán Ó Cuív air dul ag obair sa Freeman’s Journal ag aistriú nuachta do cholún dar teideal ‘Cúrsaí an Lae’. Tuairim Mí an Mhárta 1924, chuaigh sé ag obair i d’Teach Laighean mar aistritheoir. Bhí sé ina Phríomh-aistritheoir ann nuair a d’éag sé ar 3 Deireadh Fómhair 1943.

Mo Chara Stiofán (1939) an saothar is aitheanta dá chuid. Baineann sé leis an gcaidreamh seacht mbliana déag a bhí aige le Stiofán Mac Enna (1872–1934), go háirithe le tuairimí Mhic Enna i dtaobh fhorbairt na teanga agus na litríochta. Dúirt Máirtín Ó Direáin ina thaobh: ‘Nuair a léas Mo Chara Stiofán, dúirt mé liom féin, dá bhféadfainn mo dhóthain léitheoireachta den tsaghas sin a fháil i nGaeilge gur chuma liom Béarla agam ná uaim.... Creidim nár dhúras a leithéid fá leabhar ar bith eile ach amháin Mo Bhealach Féin’ (An Glór, 6 Samhain 1943).

Scríobh sé freisin Scéal ár dtíre (1923), leabhar le A. B. Ochiltree Ferguson a d’aistrigh sé ó Bhéarla agus ar chuir sé féin roinnt caibideal leis An Chúis Dlí (1927), dráma a d’aistrigh sé ón nGearmáinis agus a léirigh na hAisteoirí in Amharclann na Mainistreach ar 10 Eanáir 1927, Turus go Páras (1931). D’aistrigh Liam Dánta próis, 1933 (leabhar le Turgenev) agus Tús agus fás Óglach na hÉireann 1913–1917 (1936) a d’aistrigh sé ó Bhéarla an Chornail Maurice Moore, agus Peann agus pár (1940). D'aistrigh sé leis Réim na réalt, 1948 (The stars in their courses le James Hopwood Jeans). Chnuasaigh Pádhraic óg Ó Conaire aistí, scéalta agus dánta le Liam in So Súd (1953). Tá eolas inspéise faoina óige in aiste ann dar teideal ‘Mar chuas le ceird’. Scríobh Éamon de Valera an brollach agus Piaras Béaslaí an réamhrá. Tá ann freisin an t-aistriúchán úd ar coitianta ag an bpobal é ná an bunleagan féin—‘Amhrán na bhFiann’. Foilsíodh an chéaduair é in An tÓglach, 3 Samhain 1923.

Bhí spéis mhór ag Ó Rinn i gcultúir na coigríche. D’fhoghlaim sé Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Breatnais agus Rúisis. Ba scorn leis a bheith i dtuilleamaí an ‘aigne Ghaelaigh’. Bhí spéis aige san eolaíocht agus i ngach fionnachtain nua. Fear cathrach ba ea é. Ní cáilíochtaí neamhchoitianta iad. Gur chlocha cúinne iad, geall leis, i bhfealsúnacht aestéitiúil scríbhneoir Gaeilge roimh 1920 atá éagsúlach.

Péintéir amaitéarach den scoth a bhí ann. Tá aiste ag É. de Buitléar in Comhar Bealtaine 1944 faoina phictiúir. Cuireadh taispeántas díobh ar siúl i nGailearaí Mhic Aogáin i bhFaiche Stiabhna i dtosach Lúnasa 1939.